menu Baile chevron_right

Muiris Ó Fiannachta

Bainisteoir Stáisiúin

Is as Cill Droichid i gCo. Chill Dara do Mhuiris agus tá cónaí air i Maigh Nuad lena bhean chéile Eleanor agus a gclann óg. Tá B.A. Idirnáisiúnta sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis aige ó Ollscoil Mhá Nuad. Tá sé ina Bhainisteoir Stáisiúin ar Raidió na Life ó 2007. D’oibrigh sé roimhe sin mar Chlár Reachtaire an stáisiúin agus d’oibrigh freisin le Rannóg na gClár Gaeilge, RTÉ agus leis na comhlachtaí léiriúcháin Animo Television agus Adare Productions. Is mar chraoltóir deonach a thosaigh Muiris i Raidió na Life agus é ina mhac léinn, tráth gur chuir sé irischlár an stáisiúin Fios Feasa i láthair, mar aon le clár ceoil miotail, Scrios agus Ár.

Tá tréimhsí caite aige mar léachtóir i gcúrsaí meán cumarsáide in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus mar bhall de Choiste Comhairleach Gaeilge Údarás Craolacháin na hÉireann; fo-choiste Gaeilge Litearthacht sna Meáin, Éire (MLI); Coiste Comhordaithe CRAOL / Raidió Pobail na hÉireann agus tá sé faoi láthair ina bhall de Bhord IMRAM, an fhéile litríochta Ghaeilge.





  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play