menu Baile chevron_right

Scaireanna


Léirigh do chuid tacaíochta trí scair a cheannach!

Tugann úinéireacht scaire nó scaireanna guth duit i reachtáil Raidió na Life trí vóta a thabhairt duit mar scairshealbhóir ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil an stáisiúin, a tharlaíonn de ghnáth idir Aibreán agus Meitheamh chuile bhliain.

Scairshealbhóirí
I measc scairshealbhóirí an stáisiúin tá saorálaithe reatha agus iar-chraoltóirí Raidió na Life, eagraíochtaí Ghaeilge, daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus gnáthbhaill den phobal. Cosnaíonn scaireanna €25 an ceann. Tugtar cuireadh do scairshealbhóirí freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil le baill an Bhoird Stiúrtha a cheapadh, nó seasamh sa toghchán don mBord iad féin.

Braitheann Raidió na Life 106.4FM ar chabhair leanúnach chun aidhmeanna an stáisiúin a chur i gcrích. Má theastaíonn uait tacú leis an stáisiún trí scair nó scaireanna a cheannach is féidir scríobh chuig [email protected] agus ‘Scaireanna’ a chur i líne an ábhair.

Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta
Is comharchumann pobail é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (CRÁCT) a bunaíodh ar 4 Iúil 1989 mar eagraíocht neamhbhrabúis. Tá ballraíocht i CRÁCT oscailte do dhuine ar bith a cheannaíonn scair sa chomharchumann.



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play