menu Baile chevron_right

Polasaí Príobháideachais


Ráiteas Príobháideachais 

Tá an ráiteas príobháideachais seo leagtha amach ag Raidió na Life mar léiriú ar ár dtiomantas daingean don phríobháideachas.  Anseo thíos tá eolas faoi na gnásanna atá i bhfeidhm ag Raidió na Life maidir le bailiú agus scaipeadh eolais. 

Is féidir le húsáideoir suíomh gréasáin s’againn a rochtain agus roinnt de na seirbhísí a úsáid gan aon eolas a thabhairt.  Os a choinne sin, áfach, chun úsáid a bhaint as seirbhísí ar líne nó seirbhísí iarrtha Raidió na Life ní mór do gach úsáideoir buneolas teagmhála agus déimeagrafach a sholáthar.  Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile. 

Ní leanann muid cosán brabhsála aon úsáideora taobh amuigh dár suíomh gréasáin féin. 

Eolas a bhailíonn www.raidionalife.ie: 

 

Aighneachtaí Foirme / Seirbhísí Iarrtha: 

Más mian le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le Raidió na Life maidir le táirgí agus seirbhísí, ní mór dóibh sonraí pearsanta a iontráil.  Is iad na seirbhísí dá bhfuil sonraí pearsanta ag teastáil lena n-aghaidh ná: 

  • Teagmháil 
  • Clárú linn 
  • Scair(eanna) a cheannach 
  • Tabhartais 
  • Gearáin 

De ghnáth is seoladh ríomhphoist agus ainm an t-eolas atá ag teastáil má dhéanann úsáideoir teagmháil le Raidió na Life maidir le seirbhísí.  Nuair a dhéanann úsáideoir teagmháil linn maidir le seirbhísí is féidir leis ‘seirbhísí iarrtha’ a roghnú chomh maith chun faisnéis/tairiscintí éagsúla de ríomhphost a iarraidh (féach Gnásanna Seirbhísí Iarrtha thíos). 

Mura bhfuil fonn ar úsáideoir leanúint de bheith ag fáil ríomhphost ó Raidió na Life tar éis dó clárú, ní gá ach é sin a chur in iúl dúinn agus ní leanfar den teagmháil. 

Aithníonn Raidió na Life an fhreagracht atá orainn maidir le bainistiú aon sonraí pearsanta agus tá sé tiomanta do phríobháideachas a chosaint agus a chaomhnú trí na dualgais a bhaineann leis an Acht um Chosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS/GDPR) a chomhlíonadh. 

 

Fianáin 

Baineann an suíomh seo úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta ar líne a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Baineann Google Analytics úsáid as fianáin, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire le cuidiú leis an suíomh anailís a dhéanamh ar an gcaoi a mbaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh. Cuirtear an t-eolas faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh (do sheoladh IP san áireamh) ar aghaidh chuig Google. Stórálann Google an t-eolas ar fhreastalaithe in áiteanna taobh amuigh d’Éirinn lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Eoraip nó an Áis. Bainfidh Google úsáid as an eolas seo le measúnú a dhéanamh ar úsáid an tsuímh, le tuairiscí a ghinniúint ar úsáid an tsuímh d’oibritheoirí agus le seirbhísí a sholáthar maidir le húsáid an tsuímh agus an idirlín. D’fhéadfadh Google an t-eolas seo a aistriú go tríú páirtí más gá de réir an dlí nó sa chás go bhfuil eolas á phróiseáil ag tríú páirtí thar ceann Google. Ní dhéanfaidh Google nasc idir do sheoladh IP agus aon fhaisnéis eile a choinníonn Google. 

Is féidir leat diúltú fianáin a úsáid trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí. Ní mór cuimhneamh, áfach, go bhfuil seans ann nach mbeidh ar do chumas úsáid a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an tsuímh má roghnaíonn tú na socruithe seo. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh seo agus cead a thabhairt do Google faisnéis a phróiseáil sa bhealach agus do na cuspóirí atá leagtha amach thuas. 

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a mbaineann Google úsáid as fianáin: 

http://www.google.com/policies/technologies/cookies/  

Úsáid fianán Google Analytics ar shuíomhanna gréasáin: 

http://developers.google.com/analytics/devguides/collection/analyticsjs/cookie-usage  

 

Eolas Uathlogáilte  

Úsáideann muid do sheoladh IP, do ghníomhairí úsáideora logála UA agus do sheoladh tagarthach chun cuidiú linn diagnóis a dhéanamh ar dheacrachtaí a bhaineann leis an fhreastalaí againn, chun an suíomh gréasáin a riar agus chun úsáideoirí uathúla a aithint.  Baintear úsáid as do sheoladh IP chomh maith chun eolas ginearálta déimeagrafach a bhailiú.  Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile. 

 

Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann 

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta maidir le príobháideachas sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin An Choimisinéara Chosanta Sonraí.  

http://www.dataprotection.ie/docs/A-guide-to-your-rights-Plain-English-Version/r/858.htm  

 

Ríomhphost 

Ó am go chéile úsáideann Raidió na Life seoltaí ríomhphoist a bailíodh ó fhoirmeacha ar líne chun eolas a chur amach de ríomhphost chuig síntiúsóirí maidir le seirbhísí Raidió na Life. Is féidir cur in iúl ar gach foirm gur mian leat tuilleadh eolais de ríomhphost ó Raidió na Life. 

 

Naisc Sheachtracha 

Tá naisc le suíomhanna eile ar fáil ar an suíomh seo.  Níl Raidió na Life freagrach as cleachtais phríobháideachais ná as ábhar na suíomhanna seo. 

 

Slándáil 

Tá bearta slándála i bhfeidhm ag an suíomh seo mar chosaint ar chailliúint, mhí-úsáid agus athrú eolais atá faoinár gcúram. Faraor, ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt go mbeidh sonraí a sheoltar ar an idirlíon 100% slán. Dá bhrí sin, cé go ndéanaimid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh do shonraí pearsanta slán, ní féidir le Raidió na Life aon dearbhú ná ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil aon eolais a sheolann tú chugainn, táirgí ná seirbhísí ar líne. Ar do phriacal féin atá sé. Ón uair a fhaigheann muid do chuid sonraí, déanann muid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh siad slán ar na córais againn. 

 

Cearta an Duine Aonair 

De réir na reachtaíochta agus an RGCS/GDPR tá na bunchearta seo ag daoine aonair maidir leis na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil maidir leo: 

  1. An ceart rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta agus eolas a bhaineann go sonrach leo. 
  1. An ceart botúin a aithnítear sna sonraí nó san eolas sin a cheartú. 
  1. An ceart a iarraidh na sonraí nó an t-eolas sin a scrios (an ceart go ndéanfar dearmad orthu) 
  1. An ceart diúltú do mhargaíocht dhíreach 
  1. An ceart bac a chur ar phróiseáil a sonraí pearsanta 
  1. An ceart sonraí pearsanta a aistriú 

Cloífidh Raidió na Life le riachtanais na reachtaíochta agus an RGCS/GDPR i ngach slí, i gcomhréir le hacmhainn agus dualgais na heagraíochta. 

 

Iarratais rochtana 

De réir na gceart thuas tá an ceart ag duine aonair rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta agus eolas a choinnítear orthu leis an eolas a sheiceáil agus dlíthiúlacht phróiseáil an eolais a chinntiú. Faoin RGCS tá an ceart acu: 

  • Deimhniú a lorg go bhfuil sonraí pearsanta acu á bpróiseáil 
  • Rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta 
  • Eolas eile a lorg de réir mar a leagtar amach san reachtaíocht agus in RGCS 

 

Seo na céimeanna atá le glacadh maidir le hiarratais rochtana chuig an eagraíocht: 

  • Cuirfear aon iarratas ar rochtain eolais go dtí an t-oifigeach cosanta sonraí i scríbhinn ag [email protected]. 
  • Tabharfar freagra ar an iarratas chomh tapa agus is féidir agus faoi mhí ar a dhéanaí. 
  • Le bheith ag cloí leis an dlí, is chuig an iarratasóir amháin nó duine údaraithe leis an eolas a fháil is féidir an t-eolas a nochtadh. Ar an gcúis seo, caithfear cruthúnas céannachta a fháil ón iarratasóir nó ón ionadaí atá acu. Is féidir leis na daoine seo iarratas a dhéanamh maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta: 
  • An duine aonair lena mbaineann na sonraí pearsanta 
  • Ionadaí de chuid an duine aonair lena mbaineann na sonraí pearsanta 
  • Duine ceaptha ag cúirt dlí 
  • Gníomhaireachtaí um fheidhmiú an dlí 

 
Caithfear céimeanna cuí a ghlacadh le haitheantas an iarratasóra a dheimhniú sula dtosófar ar aon obair maidir leis an iarratas. Iarrfaidh Raidió na Life síneadh ama dhá mhí ar an sprioc thuas má mheasann siad go bhfuil an t-iarratas casta nó ilghnéitheach. Tá forálacha eile an RGCS/GDPR agus na reachtaíochta ábhartha má mheastar go bhfuil iarratas gan bhunús nó thar fóir. 

 

Gearáin 

Leagann an rialachán agus an t-acht rialacha síos maidir le conas is cóir d’eagraíochtaí eolas a bhailiú agus a úsáid agus tá Raidió na Life tiomanta cloí leis na rialacha sin, i gcomhréir le scála na n-acmhainní atá ag an eagraíocht agus na freagrachtaí atá orainn. Ach má mheasann duine aonair nár láimhseáil Raidió na Life a sonraí pearsanta de réir an achta, is féidir leo gearáin a dhéanamh leis an oifigeach cosanta sonraí ag [email protected] 

Is féidir le duine aonair gearán a dhéanamh freisin mura bhfuil siad sásta leis an mbealach ar pléadh lena n-iarratas rochtana. De ghnáth gheobhaidh siad freagra faoi 20 lá oibre tar éis do Raidió na Life an gearán a fháil. 

I ndiaidh na céime seo, agus má tá siad fós míshásta, is féidir le duine aonair iarraidh ar An Coimisiún Cosanta Sonraí áireamh a dhéanamh maidir le conas mar atá Raidió na Life ag comhlíonadh an achta i dtaca lena sonraí pearsanta. 



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play