menu Baile chevron_right

Glac páirt


Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i meitheal craoltóirí RnaL agus taithí a fháil san earnáil chraolacháin? 

An bhfuil fonn ort feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile?

Táimid i gcónaí sa tóir ar oibrithe deonacha a bhfuil spéis acu san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus sna meáin. Ní gá taithí ar bith a bheith agat roimh ré.

Más spéis leat páirt a ghlacadh i stáisiún raidió bunaithe ag pobal na Gaeilge, agus dírithe ar phobal na Gaeilge, leis an meascán ábhair is leithne ar aon stáisiún raidió in Éirinn, bí i dteagmháil linn.

Scileanna/Réimsí Spéise Inmhianaithe:

  • Láithreoireacht
  • Taighde
  • Gaeilge
  • Ceol
  • Eagarthóireacht Fuaime agus/nó Físe
  • Na Meáin Shóisialta

    I measc iar-chraoltóirí an stáisiúin tá

    Sharon Ní Bheoláin (Nuacht RTÉ), 
    Sinéad Crowley (Comhfhreagraí na nEalaín & na Meán, Nuacht RTÉ),
    Cormac Ó hEadhra (láithreoir Drivetime, RTÉ Raidió 1)
    Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), 
    An Dr. Aoibhinn Ní Shúilleabháin, 
    Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ Raidió na Gaeltachta), 
    Barbara Nic Dhonnchadha (Galway Bay FM),
    Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1),
    Joe Reddington (Nuacht TG4/RTÉ), 
    Colm Kirwan (Léiritheoir Fóram, RTÉ)
    Aoife Nic Cormaic (RTÉ Raidió 1), 
    Ruairí Mac Con Iomaire (Nuacht TG4/RTÉ), 
    Brian Páircéir (RTÉ), 
    Michael McCormack (RTÉ), 
    Aedín Conlon (RTÉ), 
    Seán Ó hÉanaí (RTÉ Raidió na Gaeltachta), 
    Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ), 
    Dónal Ó Maolfabhail (Léiritheoir Neamhspleách), 
    Sonia Nic Giolla Easbuig (Léiritheoir Neamhspleách), 
    Rónán Ó Muirthile (Léiritheoir Neamhspleách), 
    Róisín Saxe (MTV/VH1), 
    Darren Cleary (98FM, Bauer Media Group), 
    Caoimhe Ní Chathail (BBC Blas), 
    Laura Gaynor (BBC)
    Ciarán Lenoach (Nuacht RTÉ), 
    agus an t-uafás eile nach iad.



    • play_circle_filled

      Raidió na Life
      Éist linn - Raidió na Life

    play_arrow skip_previous skip_next volume_down
    playlist_play
    This site is registered on wpml.org as a development site.