menu Baile chevron_right

Bord Stiúrtha


Comharchumann pobail is ea Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (C.R.Á.C.T.), a bunaíodh ar 4 Iúil 1989 mar eagraíocht neamhbhrabúis chun seirbhís raidió a chur ar fáil do phobal Gaeilge mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Déanann an Bord Stiúrtha, a cheaptar ag cruinniú ginearálta bliantúil na heagraíochta gach bliain, an comharchumann a stiúradh thar ceann an phobail, i gcomhar leis an mBainisteoir Stáisiúin. Tugann comhaltaí an Bhoird a gcuid ama saor in aisce agus is obair dheonach atá i gceist.

Tá baill an Bhoird ionadaíoch ar an bpobal geografach comhleasa ar a fhreastalaíonn Raidió na Life, idir ghnáthbhaill den phobal a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, baill d’eagrais dheonacha Ghaeilge, daoine a bhfuil taithí acu sa chraoltóireacht, i ngairmeacha éagsúla, lucht gnó srl. Tá an Bord comhdhéanta de bhaill éagsúla den phobal – daoine a thagann ó chúlraí éagsúla agus a bhfuil spéis ar leith acu go léir sa Ghaeilge. Tugann na baill éagsúla seo saineolas, scileanna agus taithí ar leith i réimsí éagsúla leo chuig an mBord.

Toghann scairshealbhóirí an chomharchumainn comhaltaí an Bhoird ag cruinniú ginearálta bliantúil an chomharchumainn. Ceadaítear faoi na rialacha freisin baill a chomhthoghadh ar an mBord i gcaitheamh na bliana, go háirithe nuair a bhíonn saintaithí nó sainscileanna ar leith á lorg/de dhíth nó nuair a thagann daoine oiriúnacha chun cinn le bearnaí i mballraíocht an Bhoird a líonadh.

Máire Ní Bhraonáin

close
keyboard_arrow_down

Láithreoir, tráchtaire, anailísí agus múinteoir meánscoile í Máire Ní Bhraonáin a rugadh agus a tógadh i gContae na Gaillimhe. Is í an láithreoir ar Pheil na mBan Beo ar TG4 agus chuir sí C.L.U.B i láthair in éindí le Diarmuid Lyng.



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play