Rossa Ó Sioradáin
Is as an Charraig Dhubh i gContae Bhaile Átha Cliath do Rossa. Tá sé ina chlár-reachtaire le Raidió na Life ó 2024 agus bíonn an clár Fios Feasa á chur i láthair aige. Thosaigh Rossa sna meáin ar BLB (Bray Local Broadcasting) sna hochtóidí, faoi stiúir Rónáin Uí Dhubhthaigh (ceann de bhunaitheoirí Raidió na Life), ach is leis an teilifís a chaith sé formhór na mblianta ó shin i leith.
Mar stiúrthóir agus léiritheoir, tá an-chuid cláir déanta aige thar na blianta do TG4, RTÉ, Virgin Media agus an BBC. Ina measc bhí Horslips – Rotha Mór an tSaoil (TG4), Brendan Grace – Thanks for the Memories (RTÉ 1), Songs of Ireland (RTÉ 1), Uachtaráin (TG4), agus Rory Gallagher – Calling Card (BBC). Mar scríbhneoir, tá an tsraith Popcorn TV scríofa aige do TG4, Rí Rá do TG4, agus an iliomad alt iriseoireachta (Irish Tatler, RTÉ Guide, WHO Magazine, & iVenus). Mar aisteoir, tá roinnt mhaith drámaí stáitse déanta aige, agus páirteanna ar dhrámaí don teilifís chomh maith.
Ghnóthaigh Fios Feasa gradam Órga ag an bhféile CRAOL anuraidh (2024) don chlár ag ceiliúradh Mí an Bhróid, agus fuair Rossa ainmniúchán mar Phearsa Raidió na Bliana ag Gradam na Meán san Oireachtas.