Cara Nic Giolla Chomhaill
Is as an Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain do Chara. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ó 2019 agus thosaigh sí ag obair mar chlár-reachtaire le Raidió na Life i mí Eanáir 2025.
Tá neart taithí aici le saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre i ndiaidh di bheith ina ball gníomhach den Chumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus í ag tabhairt faoi BA sa Nua-Ghaeilge agus Stair.
D’oibrigh sí mar fheidhmeannach le Céad Míle Fáilte, togra de chuid Conradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a chuir chun cinn i measc na pobail nua in Éirinn, agus mar chomhordaitheoir le Gaeilge24. Bhuaigh sí Gradam Oibrí Deonach na Bliana do Chúige Laighin as ucht a cuid oibre mar chathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis an Chonartha 2025.