Neamhspleách / Ailtéarnach
An Rud is Annamh
Is scríbhneoir amhráin é Oisín Mac Cóil (Oisín McCole) atá lonnaithe i mBÁC 7. Tá suim aige i ngach saghas ceoil agus in innealtóireacht fuaime. Leis an gclár ‘An Rud is Annamh’ roghnaíonn sé téama nua gach seachtain. Idir an cheol agus na focail fánacha cruthaíonn sé spás taitneamhach don […]
An Meangadh Beag – Soiscéal Creano
Ceol, craic agus spraoi… Bí ag éisteacht le hAonghus Ó Croídheáin ag déanamh staicín áiféise de féin ar Soiscéal Creano, gach Máirt agus Déardaoin ó 3:30 – 4:30 i.n. An Meangadh Beag
Fáilte an Aingil
Rogha ceoil den scoth ó bhanríon an cheoil Aingeal Nic Aodha. Tá Aingeal ag láithriú le Raidió na Life le tamall fada. Ar an gclár seo, cloisfidh tú rogha áiltéarnach agus ceol den scoth!
Amhráin Aoibhín
Clár lán de cheol ailtéarnach le béim faoi leith ar cheoltóirí Éireannacha, eolas faoi gigeanna áitiúla, agallaimh agus seisiún beo sa stiúideo. Téigh i dteagmháil trí rp nó gliog @officialleevee má tá demo agat gur mhaith leat a chloisteáil ar na haerthonnta nó teacht isteach do seisiún beo!
Mall Íseal
Cuireann Alan Ó Cuilinn seó ceoil i láthair gach Máirt ina mbíonn réimse leathan ceoil le cloisteáil ag brath ar an aimsir!
Electricitat
Electricitat (Leictreachas en irlandès) és un programa musical setmanal presentat en català a Raidió na Life, Dublín. Està enfocat en la música independent, abarcant des de l’electrònica fins a la música rock o folk i altres gèneres. El programa posa èmfasi en les novetats internacionals, amb una forta aposta pels […]
Neuromantek
D’fhás Raidió Neuromantek as an gclub leictreonach seachtainiúil a reachtáladh i dtithe tábhairne éagsúla thart timpeall ar Bhaile Átha Cliath ó mhí Eanair 2002 go dtí mí na Nollag 2003, go hiondúil thuas staighre sa Thomas House. Tar éis don chlub teacht chun deiridh, chuir an bheirt a bhunaigh an […]
Ón Íoslach
Is clár ceoil sheachtainiúil é Ón Íoslach a théann ar seachrán chuig an íoslach glórach ina gcloistear rogha rianta ó na seánraí Grime, R&G, Leictreonach agus House. Is é Dónal Ó Gallachóir a chuireann an clár i láthair agus déanann sé an seinnliosta ilchineálach a cheapadh gach seachtain. <iframe […]