menu Baile chevron_right

An Bord Stiúrtha


Jack Ó Leocháin

fearghal | 21 Meitheamh 2023

Dlíodóir is ea Jack, atá ag obair le Arthur Cox LLP le sainfheidhmiú sa dlíthíocht agus réitiú díospóidí. Bhain sé céim sa dlí amach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhain sé iar-chéim amach ón London School of Economics. Chaith mé seacht mbliana ag staidéar agus ag obair […]


Sadhbh Devlin

Muiris Ó Fiannachta | 28 Márta 2023

Is scríbhneoir, a bhfuil gradam buaite aici dá bpictiúirleabhair, í Sadhbh Devlin. Tá céim aici sa Drámaíocht agus sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide agus d’oibrigh sí ar feadh seal fada le Comhluadar Teo. – eagraíocht a thug tacaíocht do thuismitheoirí a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge. Oibríonn sí […]


Máire Ní Bhraonáin

rnl_admin | 20 Márta 2023

Láithreoir, tráchtaire, anailísí agus múinteoir meánscoile í Máire Ní Bhraonáin a rugadh agus a tógadh i gContae na Gaillimhe. Is í an láithreoir ar Pheil na mBan Beo ar TG4 agus chuir sí C.L.U.B i láthair in éindí le Diarmuid Lyng.


Cathal Póirtéir

rnl_admin | 20 Márta 2023

Is craoltóir, scríbhneoir agus léiritheoir é Cathal Póirtéir a chaith tríocha bliain ag obair le RTÉ ag obair ar chúrsaí reatha, gné-chláir, drámaíocht, cláir fhaisnéise agus cláir Ghaeilge. Tá saothar drámaíochta leis léirithe ar an ardán, an raidió agus an teilifís. Tá spéis ar leith aige sa litríocht chomhaimseartha, sa […]


Cuan Ó Seireadáin

rnl_admin | 20 Márta 2023

Ceoltóir agus staraí is ea Cuan, atá ag obair le Conradh na Gaeilge faoi láthair. Bleá Cliathach ó dhúchas, chaith sé breis is deich mbliana sa Ghearmáin ag déanamh staidéar air, agus ag seinm ceoil. Craolann sé go rialta ar Raidió na Life, agus tá sé ina bhall den Bhord […]



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play