menu Baile chevron_right

Teach na Tine le Firehouse Skank

Tagann céad Roots Reggae Sound System na hÉireann ar an aer le scoth an Roots Reggae chuile seachtain.


Sceidealaithe ar

perm_contact_calendar schedule access_alarms
Déardaoin 9:00 pm 10:30 pm
Satharn 2:00 am 3:30 am

Tagann céad Roots Reggae Sound System na hÉireann ar an aer le scoth an Roots Reggae chuile seachtain. Curtha i láthair de réir uainíochta ag T-Woc, Tuathal, Enda Starr agus Dub Paul, beidh Firehouse Skank ag casadh togha an Reggae, ó Jamaican Foundation go stíleanna an 21ú Aois. Beidh aoí-roghnóirí ar an seó ó am go ham ó Bhaile Átha Cliath, Éire agus níos faide i gcéin.

Tá Firehouse Skank “ag cur an ‘Dub’ in Dublin” ó 1993. Tar éis a chéad bhunú chun seinm ag oícheanta carthanachta agus gníomhaíoch, thosaigh sé a chlub rialta Máirte, ar a bhfuil cáil anois, sa Parnell Mooney i samhradh na bliana sin – an chéad club reggae sa chathair! D’fhan sé ansin le breis is dhá bhliain roimh sheinnt in ionaid mórthimpeall BÁC agus Éireann, le hoíche mhíosúil i mBéal Feirste agus aoi-seinnt rialta ag oícheanta reggae i nGaillimh, Corcaigh, Luimneach, Dún Dealgan, Doire agus Cill Chainnigh. Thóg sé an chéad córas fuaime saincheaptha reggae sa tír atá cáil anois air dá chaighdeán glan fuaime le dordleibéalacha corraitheacha agus gach chineál éifeacht fuaime. Ta sé tar éis óstáil a dhéanamh ar mhór-ainmneacha Roots Reggae, ina measc Jah Shaka, Channel One, Disciples, Conscious Sounds, Revelation Sound, Vibronics, Rootical, Roots Ting, Manasseh, Zion Train, R.D.K., Brigadier Jerry (JA), Downbeat the Ruler (US) agus General Dotsie.



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play