menu Baile chevron_right

Scoth na Seachtaine


Sceidealaithe ar

perm_contact_calendar schedule access_alarms
Aoine 8:00 pm 9:00 pm
Satharn 10:00 am 11:00 am
Domhnach 11:00 am 12:00 pm

Gach seachtain tugann Emma Ní Chearúil sracfhéachaint siar ar a rogha agallaimh agus scéalta ó chláir chainte Raidió na Life.

Bíonn an uile ghné le cloisteáil ar Scoth na Seachtaine, idir scéalta nuachta, gné-scéalta, agallaimh le daoine móra le rá, seisiúin bheo sa stiúideo agus a lán scéalta eile nach iad.

Is deis atá i Scoth na Seachtaine d’éinne a chaill amach ar chlár nó ar mhír le linn na seachtaine iad féin a thabhairt suas chun dáta ar na hábhair a craoladh ar an stáisiún i gcaitheamh na seachtaine.

Craoltar an clár seo ar Raidió Fáilte 107.1FM i mBéal Feirste freisin mar chuid d’iarrachtaí Raidió na Life agus Raidió Fáilte a gcuid luchtanna éisteachta éagsúla a thabhairt suas chun dáta ar cad atá ag titim amach sa dá phríomhchathair. Bíonn Scoth na Seachtaine le cloisteáil ar stáisiúin Craol ar fud na tíre chomh maith.

Más maith leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann faoin gclár, seol ríomhphost chuig [email protected].



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play