Ar Chruth an Phiorra
Sceidealaithe ar
Cuireann an buíon ‘Pear’ – beirt DJ ó Bhaile Átha Cliath, Fionn Ó Fathaigh agus Naomhán Jio, an clár ‘Ar Chruth an Phiorra’ i láthair gach oíche Luain ag a 10 ar Raidió na Life. Sa bhreis ar a gcuid seiteanna féin a sheinm ar an gclár, tugann Fionn agus Naomhán aíonna isteach chuig an stiúideo ó ar fud Bhaile Átha Cliath chun an clár a chomhláithriú leo freisin. Ó Dioscó go Ceol Tí (House) go Teicneó agus gach rud idir eatarthu – bíonn sé go léir le cloisteáil ar ‘Ar Chruth an Phiorra’.