menu Baile chevron_right

Sceidealaithe ar

perm_contact_calendar schedule access_alarms
Máirt 7:00 pm 7:30 pm
Céadaoin 2:30 am 3:00 am
Céadaoin 2:00 pm 2:30 pm
Domhnach 7:00 am 7:30 am

Le cúig bliana déag anuas tá Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.

Ní fhanann aon chuid de chúrsaí reatha na tíre slán ó ghrinn anailís na beirte.

Dírítear ar chúrsaí reatha, polaitíocht dhomhanda, na meáin chumarsáide, cúrsaí oideachais, spórt agus na healaíona.

B’uathu siúd a tháinig an tsraith cláracha Cinnirí sa bhliain 2008, Leoin an Tíogair & Cultúr na Cathrach sa bhliain 2010 agus Oidhreacht an Rachmais sa bhliain 2011 ar Raidió na Life 106.4 FM agus cuireadh tús lena ngaol leis an stáisiún le clár amháin seachtainiúil sa tsraith An Meangadh Mór in 2001.

Bígí linn uair sa tseachtain don tráchtaireacht is leithne sna meáin ar shaol reatha na tíre.



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play