menu Baile chevron_right

Aoibhín Redmond


Biography


Tháinig Aoibhín ar bord chriú Raidió na Life mar óstach ar Amhráin Aoibhín i nDeireadh Fómhair 2016. Ceoltóir óg í atá ag déanamh staidéir ar chumadóireacht cheoil in Institiúid Cheoil Chomhaimseartha na Breataine agus na hÉireann (BIMM). Shocraigh sí teacht ar bord mar shaorálaí le Raidió na Life tar éis gur cuireadh agallamh uirthi féin mar aoi ar chlár eile ar an stáisiún.

 

Le tuiscint mhaith aici óna taithí phearsanta féin ar cé chomh deacair is atá sé do cheoltóirí Éireannacha a gcuid ceoil a fháil seinnte ar an raidió in Éirinn, tugann Aoibhín ardán do cheoltóirí nua Éireannacha ar an gclár gach seachtain. Caith isteach sa mheascán sin treoir ar ghigeanna atá ag teacht aníos i rith na seachtaine mar aon le hagallaimh agus seisiúin bheo sa stiúideo le bannaí ceoil éagsúla, agus bíonn clár den scoth agat gach Satharn le Amhráin Aoibhín!





  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play