menu Baile chevron_right

Judy-Meg Ní Chinnéide

Oifigeach Forbartha agus Oiliúna
Is as Baile Átha Cliath do Judy-Meg. Shiúil sí isteach go stiúideo Raidió na Life in 2011 agus tá sí ann go fóill. Thosaigh sí mar chraoltóir leis an stáisiún an bhliain sin, mar léitheoir nuachta agus mar láithreoir ar chlár ealaín agus cultúr. Tá sí anois ag obair mar Oifigeach Forbartha agus Oiliúna leis an stáisiún. Reáchtálann sí ceardlanna; forbraíonn agus léiríonn sí cláir nua agus déanann sí comhordú ar obair fhor-rochtaine an stáisiúin.

Bíonn Judy-Meg ag obair mar léiritheoir neamhspleách agus scríbhneoir chomh maith agus bíonn a cuid saothair le cloisteáil ar RTÉjr, RTÉ Raidió 1, RTÉ1 Extra, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Newstalk.




  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play