Foireann

Muiris Ó Fiannachta – Bainisteoir Stáisiúin

img_5818rnalifecrop

Thosaigh Muiris Ó Fiannachta ag obair mar Bhainisteoir Raidió na Life i 2007. Roimhe sin d’oibrigh sé mar Chlár Reachtaire an stáisiúin ó 2005 – 2006 agus chaith sé bliain ag obair le RTÉ agus leis na comhlachtaí léiriúcháin Animo Productions agus Adare Productions. Bhí sé ina chomhalta de Choiste Co-ordaithe CRAOL ó 2008 – 2009. Is mar oibrí deonach a thosaigh sé a shaol le Raidió na Life i 2001, ag cur an irischláir Fios Feasa i láthair, tráth ar chur sé tús freisin le clár miotail troim darbh ainm Scrios Agus Ár, clár go raibh clú air i measc lucht leanúna ‘ceilte’ an mhiotail i mBaile Átha Cliath.

Céimí sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis, le céim B.A. Idirnáisiúnta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, chaith Muiris bliain sa Chatalóin mar chuid de chlár Erasmus le linn a chúrsa céime agus chaith sé tréimhse gairid ag staidéir i Liospóin chomh maith. Tá roinnt bheag Catalóinise agus Portaingéilise aige. Le linn shos gairme sabóideach ó 2014 – 2015, chaith Muiris bliain ag taistil i Meiriceá Láir agus Theas, An Aigéine, Oirdheisceart na hÁise, Neipeal agus an India. Tá sé paiseanta faoin gceol agus seinneann sé an giotár, dordghiotár agus roinnt pianó. Bíonn sé ag canadh is ag seinm i ndá ghrúpa ceoil ina chuid ama saoir. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath lena bhean chéile Eleanor.

Fearghal Saxe – Teicneoir

img_5494rnalifecrop

Is as Baile Átha Cliath d’Fhearghal. Tá sé ag pleidhcíocht le cúrsaí leictreonacha ó bhí sé óg go leor nuair a thógfadh sé earraí tigh a mháthair as a chéile lena sciúire meccano agus gan an t-eolas cuí aige len iad a chur ar ais le chéile – cur chuige a úsáideann sé gó fóill ina cúraimí laethúla i Raidió na Life. Tá sé ag obair le Raidió na Life ó 2005.

Emma Ní Chearúil – Clár Reachtaire

afffe434-b946-4a20-aaa6-6e1348ec00ad

Bhain Emma céim amach sna Meáin Chumarsáide ó Ollscoil Mhá Nuad, agus ó shin i leith tá obair déanta aici le Conradh na Gaeilge agus Áras na nGael i nGaillimh. Bhunaigh sí an stáisiún pobail Raidió na dTreabh, a sholáthraíonn podchraoltaí agus cláir Ghaeilge ar líne agus stáisiúin eile pobail. Bíonn sí ag scríobh d’ardáin éagsúla ar líne, agus tá sí i bhfeidhil ar an mblag Instagram Humans of an Fáinne. Tá sí mar bhall freisin de Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag tabhairt faoi chúrsa iarchéime Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

Bíonn sí le cloisteáil gach maidin ar an mBricfeasta Blasta, agus gach Aoine ar Scoth na Seachtaine. Is léiritheoir í freisin ar na cláir Fios Feasa, Meon na mBan, agus Timpeall Orainn.

Judy-Meg Ní Chinnéide – Oifigeach Forbartha agus Oiliúnaimg_5561rnalifecrop

Is as Baile Átha Cliath do Judy-Meg. Tar éis di roinnt am a chaitheamh ag obair i bhfoilsitheoireacht leabhar i Londain agus mar cheoltóir ar long sa Mhuir Bhailt, shiúil sí isteach go stiúideo Raidió na Life in 2011 agus tá sí ann go fóill. Thosaigh sí mar chraoltóir leis an stáisiún an bhliain sin, ag léamh na nuachta agus mar láithreoir ar an gclár ealaíon agus cultúir, Fios Feasa. Bíonn sí anois ag obair mar Oifigeach Forbartha agus Oiliúna leis an stáisiúin. Reáchtálann sí cúrsaí traenála, forbraíonn sí tionscadail nua agus déanann sí comhordú ar obair fhor-rochtain an stáisiúin.

Bíonn Judy-Meg ag obair mar léiritheoir neamhspleách raidió chomh maith agus tá a cuid cláracha le cloisteáil ar Raidió na Life, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar RTÉjr agus ar Newstalk.

Marc Ó Loinsigh – Maor Deireadh Seachtaine

img_6825rnalifecrop

Is as Baile Átha Cliath do Mharc. Tá sé ag obair le Raidió na Life ó 2006.

 

 

Foilsithe: 13 Márta 2020