Foireann

Muiris Ó Fiannachta – Bainisteoir Stáisiúin

img_5818rnalifecrop

Thosaigh Muiris Ó Fiannachta ag obair mar Bhainisteoir Raidió na Life i 2007. Roimhe sin d’oibrigh sé mar Chlár Reachtaire an stáisiúin ó 2005 – 2006 agus chaith sé bliain ag obair le RTÉ agus leis na comhlachtaí léiriúcháin Animo Productions agus Adare Productions. Bhí sé ina chomhalta de Choiste Co-ordaithe CRAOL ó 2008 – 2009. Is mar oibrí deonach a thosaigh sé a shaol le Raidió na Life i 2001, ag cur an irischláir Fios Feasa i láthair, tráth ar chur sé tús freisin le clár miotail troim darbh ainm Scrios Agus Ár, clár go raibh clú air i measc lucht leanúna ‘ceilte’ an mhiotail i mBaile Átha Cliath.

Céimí sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis, le céim B.A. Idirnáisiúnta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, chaith Muiris bliain sa Chatalóin mar chuid de chlár Erasmus le linn a chúrsa céime agus chaith sé tréimhse gairid ag staidéir i Liospóin chomh maith. Tá roinnt bheag Catalóinise agus Portaingéilise aige. Le linn shos gairme sabóideach ó 2014 – 2015, chaith Muiris bliain ag taistil i Meiriceá Láir agus Theas, An Aigéine, Oirdheisceart na hÁise, Neipeal agus an India. Tá sé paiseanta faoin gceol agus seinneann sé an giotár, dordghiotár agus roinnt pianó. Bíonn sé ag canadh is ag seinm i ndá ghrúpa ceoil ina chuid ama saoir. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath lena bhean chéile Eleanor.

Fearghal Saxe – Teicneoir

img_5494rnalifecrop

Is as Baile Átha Cliath d’Fhearghal. Tá sé ag pleidhcíocht le cúrsaí leictreonacha ó bhí sé óg go leor nuair a thógfadh sé earraí tigh a mháthair as a chéile lena sciúire meccano agus gan an t-eolas cuí aige len iad a chur ar ais le chéile – cur chuige a úsáideann sé gó fóill ina cúraimí laethúla i Raidió na Life. Tá sé ag obair le Raidió na Life ó 2005.

Niamh Ní Shúilleabháin – Clár Reachtaire

img_5546rnalifecrop

Is as tuaisceart chontae Chorcaí do Niamh, an t-aon mhuimhneach amháin atá ar fhoireann Raidió na Life faoi láthair. Tá sí ag cur fúithi sa phríomhchathair le hocht mbliana anuas agus roimhe seo bhíodh sí ag obair d’fhoilseacháin éagsúla agus mar eagarthóir ar shuíomhanna ghréasáin éagsúla. Bhain sí amach céim BCL Dlí agus Nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh in 2006 agus ó shin i leith tá cáilíochtaí san iriseoireacht agus MA sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach aici ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Thosaigh Niamh amach linn mar léitheoir nuachta sa stáisiún agus chaith sí seal mar láithreoir ar an irischlár Fios Feasa agus ar an gclár cúrsaí reatha,  Scéal na Seachtaine.  Mar chlár reachtaire, bíonn Niamh freagrach as taighde agus léiriú a dhéanamh ar fhormhór chláir chainte Raidió na Life.

Judy-Meg Ní Chinnéide – Oifigeach Forbartha agus Oiliúnaimg_5561rnalifecrop

Is as Baile Átha Cliath do Judy-Meg. Tar éis di roinnt am a chaitheamh ag obair i bhfoilsitheoireacht leabhar i Londain agus mar cheoltóir ar long sa Mhuir Bhailt, shiúil sí isteach go stiúideo Raidió na Life in 2011 agus tá sí ann go fóill. Thosaigh sí mar chraoltóir leis an stáisiún an bhliain sin, ag léamh na nuachta agus mar láithreoir ar an gclár ealaíon agus cultúir, Fios Feasa. Bíonn sí anois ag obair mar Oifigeach Forbartha agus Oiliúna leis an stáisiúin. Reáchtálann sí cúrsaí traenála, forbraíonn sí tionscadail nua agus déanann sí comhordú ar obair fhor-rochtain an stáisiúin.

Bíonn Judy-Meg ag obair mar léiritheoir neamhspleách raidió chomh maith agus tá a cuid cláracha le cloisteáil ar Raidió na Life, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar RTÉjr agus ar Newstalk.

Marc Ó Loinsigh – Maor Deireadh Seachtaine

img_6825rnalifecrop

Is as Baile Átha Cliath do Mharc. Tá sé ag obair le Raidió na Life ó 2006.

 

 

Foilsithe: 26 Iúil 2016

 

Live now!
No current live feeds.
See what's coming next...
RECENT TWEETS
TODAY
Check out all the schedule
Raidió na Life ar Instagram
Ian Creamer
Read more
Séin Ó Maonaigh
Séin Ó Maonaigh is a presenter on Raidió Chrónáin every Saturday. Read more
Purchase a share
Support Raidió na Life by purchasing a share or making a donation
Purchase
Upcoming events
View all events