menu Baile chevron_right

Meon na mBan leis An Slua Rua


Sceidealaithe ar

perm_contact_calendar schedule access_alarms

Beidh Brónagh Ní Chuilinn agus Emma Ní Chearúil ag tabhairt faoin gclár “Meon na mBan leis an Slua Rua” chuile Mháirt 8-9in.

Fillfidh Brónagh Ní Chuilinn (RTÉ) agus Emma Ní Chearúil (Raidió na dTreabh) ar Raidió na Life don chéad uair le dhá bhliain anuas le leagan nua den chlár Meon na mBan, clár bríomhar dírithe ar mhná.

Clár uair a chloig a bheidh á chur i láthair acu, le cúnamh léirithe ó Niamh Ní Shúilleabháin. Déanfar plé ar chúrsaí reatha, scéalta nuachta agus neart eile, le painéil ban agus aíonna speisialta chuile sheachtain. Díríonn an clár ar shaol na mban, na héachtaí atá á mbaint amach acu agus na tuairimí atá acu mar gheall ar chúrsaí anseo in Éirinn agus fud fad na cruinne.

Chuile sheachtain beidh scéalta móra na seachtaine, agallamh le haoi speisialta, díospóireacht nó comhrá idir na láithreoirí nó le painéal, agus beidh ceol le mná Éireannacha á chasadh ar an gclár.

Éistigí le Meon na mBan leis an Slua Rua ar Raidió na Life, 106.4FM nó ar líne, chuile Mháirt óna h8in – 9in ón 16ú Eanáir ar aghaidh.



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play