menu Baile chevron_right

An Bricfeasta Blasta

Éist linne agus tú ag éirí ag maidin


Sceidealaithe ar

perm_contact_calendar schedule access_alarms

Éist linne agus tú ag éirí ag maidin agus ar do bhealach chun na hoibre, chun na scoile nó chun na hollscoile.

Bímid ag caint faoin méid atá sna nuachtáin agus faoi chúrsaí spóirt, bíonn moltaí againn daoibh don tráthnóna (moltaí teilifíse Dé Luain, oideas deas don Chéadaoin agus leideanna faoi na rudaí is fearr le déanamh ag an deireadh seachtaine san áireamh) agus bíonn réimse leathan ábhar eile á bplé againn: aclaíocht, sláinte, cluichí ríomhaire, cúrsaí teicneolaíochta, cúrsaí faisin, cúrsaí áilleachta agus déanaimid cíoradh ar chrá croí na n-éisteoirí!

Leis, bíonn ceol den chéad scoth againn gach maidin le dea-spionn ort go moch ar maidin.

Is féidir leatsa páirt a ghlacadh sa chlár chomh maith – cuir téacs chuig 086 600 1064, cuir ríomhphost chuig [email protected] agus bain úsáid as #BricBlasta ar Twitter @raidionalife

Gradaim:

Bronnadh Gradam ar an gclár ag Gradaim CRAOL 2017 sa rannóg dírithe ar chláir chainte- leas an phobail.

Ainmníodh an Bricfeasta Blasta sa rannóg don irischlár is fearr ag Gradaim na Meán Ceilteach 2017. B’shin an chéad uair do chlár irise ón stáisiún ainmniúchán a bhaint amach sa rannóg sin!



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play