Dhá ainmniúcháin faighte le haghaidh Ghradaim na Meán Ceilteach 2025!

Tá ainmniúchán faighte ag Raidió na Life le haghaidh Stáisiún Raidió na mBliana 2025; gradam a bhuaigh an stáisiún anuraidh in Cardiff; in 2022 in Quimper agus in 2013 in Swansea.
Ina theannta sin, tá ainmniúchán do Dhráma Raidió/Fuaime na Bliana faighte ag an stáisiún freisin do ‘Thuas Seal…’ le Réaltán Ní Leannáin. Ar na haisteoirí atá le cloisteáil sa tsraith tá: Sinéad Ní Uallacháin, Dairíne Ní Dhonnchú, Hilary Bowen-Walsh, Gearóid Ó Mórdha agus Lelia Ní Chinnéide. Judy-Meg Ní Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun eagarthóireachta agus Marc Ó Loinsigh a bhí mar theicneoir stiúideo. Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an tsraith dhrámaí raidió seo, leis an táille ceadúnais teilifíse.
Táimid ag tnúth le féile na bliana seo in Newquay i mí an Mheithimh!