Cuairt Nuacht Cúla4 ar Raidió na Life

Tháinig Katelyn Hayes ó Nuacht Cúla4 ar cuairt go Raidió na Life le linn Sheachtain na Gaeilge 2025 agus an stáisiún i mbun ceardlann SPRAOI Raidió na Life a reachtáil. Bhí Rang 5 agus Rang 6 ó Scoil Santain i dTamhlacht ag labhairt le Katelyn maidir leis an méid a bhí ar siúl acu le linn na ceardlanna.
Tá Raidió na Life ag reachtáil SPRAOI Raidió na Life le deich mbliana anuas agus tá an tionscadal tar éis deis a thabhairt do na céadta páiste scoile an Ghaeilge a úsáid ar bhealach spraíúil agus iad ag foghlaim scileanna craoltóireachta. Bhí an stáisiún ag reachtáil ceardlanna saor in aisce i Raidió na Life le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia, le tacaíocht ó Coimisiún na Meán agus Foras na Gaeilge. Beidh Raidió na Life ag reachtáil tuilleadh ceardlanna SPRAOI roimh dheireadh na scoilbhliana. Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected] nó cuir glao ar 01 661 6333.