menu Baile chevron_right

Gach Treo

Tá Anthony Cummins ina láithreoir ar an gclár ceoil domhanda Gach Treo


Sceidealaithe ar

perm_contact_calendar schedule access_alarms
Céadaoin 12:00 pm 1:00 pm
Déardaoin 11:00 am 12:00 pm
Domhnach 2:00 pm 3:00 pm

Cuireann an t-iar-Ollamh Anthony Cummins an clár ceoil domhanda Gach Treo i láthair gach Céadaoin ag meán lae, agus bíonn athchraoladh den chlár le cloisteáil gach maidin Déardaoin ag 11 r.n. agus arís ag 2 i.n. ar an Domhnach.

Thosaigh Anthony mar láithreoir ar Raidió na Life in 2009 agus é ag obair mar léachtóir leighis i gColáiste Ríoga na Máinliá in Éirinn (CRM) i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé ar iasacht ó CRM go hOllscoil Perdana i Kuala Lumpur sa Mhalaeisia mar Ollamh Leighis Teaghlaigh idir 2014 & 2021. Lean sé ar aghaidh ag craoladh le Raidió na Life i rith an ama go raibh sé thar lear. D’fhill sé ar Éirinn in 2021 agus leanann sé ag cur Gach Treo i láthair ar Raidió na Life, leis an mbailiúchán ceoil domhanda is fearr a chloisfidh tú ar an raidió!

Má tá iarratais agaibh seol chuig Anthony iad ag [email protected] nó ar Twitter ag @Gach_Treo.

Is féidir teacht ar sheinnliostaí na gclár ar Spotify.



  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play