Spotsholas Raidió na Life:
Gaeilge na hArdteistiméireachta - Siollabas Nua
Leanfar leis an sraith Gaeilge na hArdteiste ar Raidió na Life 106.4FM gach Aoine,
ag tosnú ar 6 Eanáir 2012 ag 6.30pm. Beidh ocht gclár ag plé leis an mBéaltriail,
agus clár amháin ag cur treorach agus eolas ar fáil ar Cluastuiscint, Léamhthuiscint
agus Ceapadóireacht, á gcraoladh idir seo agus tráth scrúdaithe 2012.
Tá teacht ar na cláracha ar phodchraoladh chomh maith. Tá béim á leagadh ar an
gcuid nua den gcúrsa Cur Síos ar Shraith Pictiúir agus Comhrá. Tá tábhacht
níos mó ná riamh leis an mBéaltriail anois leis an méadú ar riar na marcanna ó 150
marc go dtí 240 marc i scrúdú na bliana seo.
Sa chéad chlár sa tsraith, a craoladh i dtús i rith an chéad téarma, tugtar forléargas
ar a bhfuil i gceist sa Siollabas nua ó thús go deireadh. Tá teacht ar an gclár sin ar
phodchraoladh, chomh maith le deich gclár eile atá ag plé leis an gcúrsa litríochta.
Tá painéal de bheirt go bhfuil an-chur amach acu ar an gcúrsa ag cíoradh ábhar an
chúrsa ar gach chlár. Tá na filí Nuala Ní Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh, Pádraig
Mac Suibhne, Biddy Jenkinson, chomh maith leis na scéalaithe Ré Ó Laighléis,
Éibhlís Ní Dhuibhne agus Deirdre Ní Ghrianna i measc go leor eile, páirteach sa
tsraith. Is iontach an deis í seo do dhaltaí cuid de na filí agus údair eile a chloisint
ag léamh a gcuid saothar féin agus ag míniú cad a spreag chun pinn iad. Bainfidh
múinteoirí leas as an sraith leis; tabharfaidh sé deis dóibh léargas daoine eile ar an
gcúrsa a phlé sa rang. Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim & Fís de chuid
Údarás Craolacháin na hÉireann a dhein an comhlucht léiriúchán Scéal Eile na
cláracha seo do Raidió na Life 106.4FM.
Gaeilge na hArdteiste - An tSraith idir 7 Deireadh Fómhair agus 16 Nollaig 2011.
7/10/2011: Clár 1. Láithreoir: Máiréad Uí Dhomhnaill. Script: Gaelchultúr.
Sa chéad chlár féachfaimíd ar chúrsa Gaeilge na hArdteiste trí chéile. Cad iad na codanna den chúrsa atá athraithe agus cad iad na codanna atá díreach mar a bhí?
14/10/2011: Clár 2. Painéal: Micheál Ó Ruairc agus Áine Ní Ghlinn
“Fill Arís” le Seán Ó Ríordáin.
“An tEarrach Thiar” le Máirtín Ó Direáin”.
Cloisfear na filí ag léamh a gcuid dánta, a bhuíochas san do Ghael-Linn agus na dlúthdhioscaí atá eisithe acu leis na mbeirt shár fhile ag léamh a saothar féin.
21/10/2011: Clár 3. Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín.
“Eiceolaí” le Biddy Jenkinson, á léamh aici féin agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an dán a scríobh.
An Spailpín Fánach. Ní fios cé a chum. An t-aisteoir Tadhg Ó Bric ag léamh roinnt véarsaí i bhfoirm fileata agus cúpla véarsa á gcanadh ag John Spillane ón ndlúthdhiosca “More Irish Songs We Learned at School” atá ar lipéad EMI.
28/10/2011: Clár 4. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille.
“Mo Ghrása idir Lúibíní” á léamh ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill agus cur síos uaithi ar chúlra an dáin.
“Caoineadh Airt Úi Laoghaire” le Eibhlín Dubh Ní Chonaill.
Sliocht á léamh ag an aisteoir Audery Ní Fhearaíl.
04/11/2011: Clár 5. Painéal: Mícheál Ó Ruairc agus Áine Ní Ghlinn.
“Colmáin” Beidh guth an fhile Chathal Uí Shearcaigh le cloisint ar an gclár seo ag léamh agus ag cur síos ar chúlra an dáin.
“Géibheann” le Cailín Maude á léamh ag Treasa Ní Chonghaile.
11/11/2011: Clár 6. Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín.
“Colscaradh” le Pádraig Mac Suibhne. File Ultach eile ag léamh agus ag cur síos ar a dhán.
“A Chlann” á léamh ag an bhfile Máire Áine Nic Gearailt agus cur síos ar cad a spreag í chun an dán a scríobh.
18/11/2011: Clár 7. Painéal: Ciarán Ó Duinneacha & Bernadine Nic Giolla Phádraig.
“Hurlamaboc” Cloisfear sliocht as an úrscéal á léamh ag an údar Éilís Ní Dhuibhne agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an scéal seo a scríobh.
“Dís” Gearrscéal i bhfoirm comhrá le Siobhán Ní Shúilleabháin. Plé.
25/11/2011: Clár 8. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama.
“An Lasair Choille” Dráma le Caitlín Maude i bpáirt le Mícheál Ó hAirtnéide.
“Seal i Neipeal” Sliocht as a leabhar taistil, á léamh ag Cathal Ó Searcaigh agus cuntas uaidh ar chúlra na sleachta áirithe seo.
02/12/2011: Clár 9. Painéal: Ciarán Ó Duinneacha & Bernadine Nic Giolla Phádraig.
“Cáca Milis” le Brian Lynch. Sliocht as an gearrscannán (DVD) le cead Igloo Films.
Plé ar an scannaíocht mar mhódh múinte.
“Gafa” An túdar Ré Ó Laighléis ag cur síos ar a úrscéal agus ag léamh sleachta as.
09/12/2011 Clár 10. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille.
“Oisín i dTír na nÓg” Seanchas na Féinne – Niall Ó Dónaill.
Tá scéal Óisín curtha le ceoil ag Colm Mac Séalaigh agus beidh leagan álainn le chloisint ar an gclár á chanadh agus á sheinnt ag Na Fíréin. Ar Lipéid Gael-Linn
“Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne” Nessa Ní Shé a chuir in eagar. Plé.
16/12/2011: Clár 11. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama.
“An Gnáth Rud” Gearrscéal le Deirdre Ní Grianna lonnaithe i mBéal Feirste. Cloisfear guth an údair agus í ag léamh sleachta as a scéal agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar an gcúlra.
“Canary Wharf” Gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin. Beidh Orna ag léamh sleachta as an scéal Canary Wharf agus ag cur síos ar an gcnuasach.
Cláracha 12 go dtí 15 – Béaltriail.
Múinteoir: Lorcán Ó Treasaigh
Daltaí:Gráinne Ní Lorcáin & Seán Mac Dhonnagáin.
06/01/2012: Clár 12. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr.
Léamh na Filíochta: “Géibheann” le Caitlín Maude.
Cómhrá: “Cúlra agus Áit Chónaithe” agus “An Teaghlach”
13/01/2012: Clár 13. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr.
Léamh na Filíochta: “Colscaradh” le Pádraig Mac Suibhne.
Cómhrá: “An scoil agus cúrsaí oideachais”.
20/01/2012: Clár 14. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr.
Léamh na Filíochta: “Mo Ghrása idir Lúibíní” le Nuala Ní Dhomhnaill
Cómhrá: “Caitheamh aimsire1: spórt agus aclaíocht”.
27/01/2012: Clár 15. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr.
Léamh na Filíochta: “An tEarrach Thiar” le Máirtín Ó Direáin”.
Cómhrá: “Caitheamh aimsire 2: ceol agus cluichí ríomhaire”.
Cláracha 16 -19. Béaltriail.
Múinteoir: Reuben Ó Conluain.
Daltaí: 16 agus 17: Cathy Ní Néill agus Barra Ó Séanán.
18 agus 19: Clíodhna Ní Chéileachair agus Seán Mac Dhonnagáin.
03/02/2012: Clár 16. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr.
Léamh na Filíochta: “An Spailpín Fánach”.
Cómhrá: “Na meáin chumarsáide agus an t-idirlíon”.
10/02/2012: Clár 17.
Cómhrá: Laethanta saoire, taisteal agus teangacha agus An Ghaeilge agus an Ghaeltacht.
17/02/2012: Clár 18.
Cómhrá: Cúrsaí Oibre.
Gramadach: An Módh Coinníollach.
24/02/2012: Clár 19.
Cómhrá: Fadhbanna sóisialta, cúrsaí imirce, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí reatha.
02/03/2012: Clár 20.
Múinteoir: Ciarán Ó Duinneacha.
Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Ceapadóireacht.




