Tuairisc

Lá: Dé Máirt
Am: 19.00 - 19.30
Athchraoladh:  Dé Céadaoin @ 02.30, 09.00 & 13.00, Dé Sathairn @ 11.00, Dé Domhnaigh @ 07.00
Láithreoir(í):Liam Mac Amhlaigh & Eoin Ó Fearghail
Cinéal Clár: Cúrsaí Reatha

Faoin gClár:  Le hocht mbliana anuas tá Eoin agus Liam ag cíoradh an nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt. Ní fhanann aonchuid de chúrsaíreatha na tíre slán ó ghrinnanailís na beirte. Dírítear ar chúrsaí reatha, polaitíocht dhomhanda, na meáin chumarsáide, cúrsaí oideachais, spórt agus na healaíona. B’uathu siúd a tháinig an tsraith cláracha ‘Cinnirí’ sa bhliain 2008 ar Raidió na Life 106.4 FM agus cuireadh tús lena ngaol leis an stáisiún le clár amháin seachtainiúil sa tsraith ‘An MeangadhMór’i 2001.

Bígí linn uair sa tseachtain don tráchtaireacht is leithne sna meáin ar shaol reatha na tíre.

Faoin Láithreoir:  Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel é Liam Mac Amhlaigh le suim sa scríbheoireacht, sa chraoltóireacht agus i dteangacha. Innealtóir bogearraí le comhlacht idirnáisiúnta ríomhaireachta é Eoin Ó Fearghail. Seoltóireacht agus scannánaíocht dhomhanda mar shuim aige.

 

Lá: Déardaoin
Am: 19.00 - 19.30
Athchraoladh:  De hAoine @ 02.30, 09.00, 13.00  Dé Sathairn @ 11.30, Dé Domhnaigh @ 07.30
Láithreoir(í):Déaglán Ó Maoldomnaigh
Cinéal Clár: Cúrsaí Reatha

Faoin Láithreoir:  Dlíodóir ó Bhaile Átha Cliath is ea Déaglán Ó Maoldomnaigh. Bíonn Déaglán  ag comhairliú go príomha ar chásanna dlíthíochta. Tá céim BSc. in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht aige ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus seoladh an cúrsa bunchéime sin go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Tá suim ag Déaglán i gcúrsaí reatha, an pholaitíocht, cúrsaí spóirt agus cúrsaí cultúrtha.

 

Lá: Dé hAoine
Am: 19.00 - 19.30
Láithreoir(í): Lisa Nic An Breithimh
Cinéal Clár: Cúrsaí Reatha

Faoin Láithreoir: Tuairisceoir de chuid Raidió na Life í Lisa le roinnt míonna anuas, a bhíonn ag obair ar thaighde, scéalta éagsúla agus imeachtaí a chlúdach, agus a chuir an t-aisteoir cáiliúil Brendan Gleeson faoi agallamh le déanaí. Más spéis leat cúrsaí reatha, idir scéalta Éireannacha is idirnáisiúnta, agus más mian leat do thuairimí a thabhairt orthu, bígí linn gach Aoine óna 7in ar 106.4FM

 

Faoin Tuairisceoir: Is tuairisceoir ar Tuairisc Déardaoin agus Dé hAoine é Darren Mac an Phríora. Tá BA san Iriseoireacht aige ó Ollscoil Wolverhampton. Sular tháinig sé go Raidió na Life chuir sé clár cúrsaí reatha as Gaeilge i láthair ar Near90fm sa Chúlóg. Tá suim aige i gcúrsaí reatha, polaitíocht, cúrsaí sóisialta agus stair.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh