Toipiciúil agus Éagsúil
Lá: Dé Domhnaigh
Am:10:00rn
Athchraoladh:Dé Mairt @ 12.30in
Láithreoir(í): Cáit Ní Fhionnagáin agus Valerie Ní Loinsigh
R-phost:eolas@raidionalife.ie
Cinéal Clár: Caint & Ceoil
Faoin gclár:
Toipiciúil agus Éagsúil – an clár ina ndéantar plé chuile sheachtain ar ábhair toipiciúla na seachtaine, ach ábhair atá éagsúil ó na gnáthscéalta a chloiseann sibh ar an raidió: clár do dhéagóirí, curtha i láthair ag déagóirí. Le Cáit Ní Fhionnagáin agus Valerie Ní Loinsigh, gach Domhnach óna 10 go dtína 11 ar maidin.
Is mac léinn í Cáit Ní Fhionnagáin i gColáiste na Tríonóide i láthair na huaire agus tá sí ag déanamh staidéar ar an nGaeilge
agus ar Dhrámaíocht, le chéile.
Tá suim mhór aici sna meáin chumarsáide agus is aoibheann léi a bheith i mbun an chláir seo ar Raidió na Life gach seachtain. Bionn sí de shíor ag tnúth leis an gcéad chlár eile! Dár léi is foireann den scóth is ea í féin agus Valerie le chéile, agus cé go mbíonn siad ag spochadh as a chéile agus ag gearán faoi rudaí randamacha an chuid is mó den am, bíonn craic acu i gcónaí!
Cailín ó bhaile Chloch na Coillte í Valerie. De bharr an ghrá atá aici don Ghaeilge, rinne sí a hArdteist i scoil chónaithe, Coláiste an Phiarsaigh, gar do chathair Chorcaí. Is mac léinn drámaíochta í i gColáiste na Tríonóide agus is aoibheann léi é de réir dealramh. Is duine gealgháireach, glórmhar agus ábhairín aisteach í (a cuid focail féin!). Taitníonn ceol agus greann go mór léi agus bíonn sí féin agus Cáit i gcónaí ag spochadh as a chéile agus ag argóint faoi rudaí toipiciúla agus éagsúla ar an gclár. Éist leo!!


