Teicneolas
Lá: Déardaoin
Am:10.30in
Láithreoir(í):Fearghal Saxe
R-phost: teicneoir@rnl106.cm
Cinéal Clár: Clár ceoil Teicneó don chuid is mó ach bainfear triail as aon rud eile go bhfuil sé de chumas agam a bhrú isteach sa mheascán (agus ní moran é sin)!
Faoin gClár: Fiú i ndomhan an Teicneó tá roinnt de na foinn a sheinntear ar an gclár seo ait agus iontach agus fíáin! Ní thiocfá ar mhórán a dhéanfadh tú a chealgadh chun suain ar Teicneolas, munar leanbh den dord thú. Mar sin tagann “rabhadh ar an lipéad” leis an gclár seo! Abair slán le do chluasa, do chuimhne, 's do comharsanna agus cas suas an fhuaim. Is do chladhairí an codladh!
Faoin Láithreoir: Tá Fearghal ag crochadh timpeall na háite le blianta fada faoin am seo agus ní fios conas fáil réidh leis. D'fhoglaim sé gach a bhfuil ar eolas aige faoin gceol leictreonach ó na dioscmharcaigh is mó le rá i ndomhan dorcha na gclubanna oíche i mBaile Átha Cliath. Ina measc bhí laochra na gclubanna is na gceirnín, leithéidí Fran Hartnett, Pete Loop, Jeff Walters, GmcD, Ritchie Rosman, Ronan Dunne agus aon gharlach eile a leanfadh leo ag seinnt, in ainneoin na gréinne, na ngearrán nó na ngardaí, agus cloistear iad ar fad go minic ar an gclár.


