Sruth Ama

Lá: Dé Domhnaigh
Am: 13.30 - 14.00
Scríbhneoir: Gabriel Rosenstock
Léiritheoir: Tristan Rosenstock
Cinéal Clár: Dráma

Faoin gClár: Sraith cheithre dhráma  le Gabriel Rosenstock is ea Sruth Ama, ina bhfaighimid léargas iontach ar shaol an nuachtáin Ghaeilge Amanathar. Ag tarraingt óna thaithí féin agus an dá bhliain eachtrúla a chaith sé ag obair ar an nuachtán Anois (fadó fadó, sular tháinig na leipreacháin go hÉirinn), tugann Rosenstock isteach i saol an nuachtáin sinn agus feicimid na nithe go léir a bhíonn ag cur imní i gcónaí ar an bhfoireann – eagarfhocal na seachtaine, easpa foirne, spriocdhátaí, teannas i measc na foirne, agus, ar ndóigh, conas maoiniú a chinntiú don nuachtán.  Is é mac le Gabriel agus iar-láithreoir le Raidió na Life, Tristan Rosenstock, a léirigh an tsraith seo don stáisiún.  Tá áthas ar Raidió na Life athchraoladh a dhéanamh ar an tsraith an Fhómhair seo, gach Domhnach ag a 1:30 i.n. ag tosnú ar an 18ú Meán Fómhair.  Muna féidir leat fanacht le héisteacht leis na cláir mar a chraolfar iad, tá podchraoltaí den tsraith iomlán ar fáil anseo

 
Dráma 1
Amanathar: Bualimid leis an bhfoireann agus le file a bhíonn de shíor á gcrá ag lorg léirmheasanna. An bhféadfadh nach glan as a mheabhair atá  an léitheoir díograiseach a ghlaoigh isteach le rá go bhfuil Úfónna ag lonrú agus ag lonnú sa chomharsanacht aige?

Dráma 2Anocht: Chuir beirt fógra ar leathannaigh ghrá Amanathar agus seo anois iad i gclub snagcheoil ag iarraidh a dhéanamh amach an raibh aon chuid den fhírinne sa chur síos a rinne siad orthu féin sa bhfógra céanna!

Dráma 3Anuraidh: Tá foireann Amanathar i bponc mar tá an té a scríobhann na fógraí báis dóibh tar éis a rá leo go bhfuil réamhspléachadh ar a fhógra báis féin uaidh!

Dráma 4 Amanathar RIP: An fhoireann go léir sa teach tábhairne agus Amanathar á chaoineadh acu – baineadh an deontas díobh.  Ach an bhfuil seift acu don eagrán deireanach?

 

Scríbhneoir : Gabriel Rosenstock
Léiritheoir: Tristan Rosenstock
Eagarthóir : Seán Ó Cearúil
Aisteoirí: Marcus Lamb, Cillian Ó Donnchadha, Doireann Ní Chorragáin, Damhnait Ní Thuama, Aodh Ó Domhnaill, Tadhg Ó Conchúir, Gabriel Rosenstock. 

 

Sruth Ama

Tuilleadh Eolais:
http://www.irishtimes.com/newspaper/anteangabheo/2011/0727/1224301448745.html

Is le tacaíocht ón scéim mhaoiniúcháin chraoltóireachta Fuaim agus Fís, de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, a rinneadh an tsraith seo do Raidió na Life.

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh