Seó an Phobail

seo an phobail

Lá: Dé hAoine
Am:1.00in
Láithreoir/Léiritheoir: Roseanne Smith
Taighdeoir/Tuairisceoir: Eimear Lindsay
Léiritheoir Feidhmeach: Muiris Ó Fiannachta
Cinéal Clár: Cúrsaí pobail

Faoin gClár: Do cheantar, do bhaile, do Phobal! Clár seachtainiúil leathuair a' chloig ar fhad le heolas ar phobail éagsúla i mBaile Átha Cliath is ea Seó an Phobail. Más Bleá Cliathach thú níor cheart é a chailliúint! Is athchraoladh atá sa sraith seo ó chartlann Raidió na Life ina dhírítear ar phobail faoi leith i mBaile Átha Cliath chuile sheachtain. Pléitear rudaí atá ag tarlú i bpobail éagsúla ar fud na cathrach, mar aon le hábhair agus ceisteanna phobail faoi leith, agus bíonn plé gach seachtain ar logainmneacha éagsúla thart timpeall ar chathair agus ar chontae Átha Cliath. Is le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta CCÉ, Fuaim & Fís, a rinneadh an tsraith seo.

 

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh