Scoth Na Seachtaine

Lá: Dé Domhnaigh
Am:9.30in
Athchraoladh:Dé Sathairn @ 6.30rn
Láithreoir(í):Dónal Ó Donnabháin
Email: donal@raidionalife.ie
Cinéal Clár: Caint

Faoin gClár: Gach seachtain tógann Dónal Ó Donnabháin srachfhéachaint siar ar a rogha agallaimh agus scéalta ó chláracha cainte Raidió na Life. Bíonn an uile ghné le cloisteáil ar Scoth na Seachtaine, idir scéalta nuachta, scéalta na cathrach, gné-scéalta agus a lán scéalta eile nach iad.

Is deis atá i Scoth na Seachtaine d’éinne a chaill amach ar chlár nó ar mhír le linn na seachtaine iad féin a thabhairt suas chun dáta ar na hábhair a craoladh ar an stáisiún i gcaitheamh na seachtaine.

Craoltar an clár seo ar Raidió Fáilte 107.1FM i mBéal Feirste freisin mar chuid d'iarrachtaí Raidió na Life agus Raidió Fáilte a gcuid luchtanna éisteachta éagsúla a thabhairt suas chun dáta ar cad atá ag titim amach sa dá phríomhchathair. Craolann Raidió na Life Scoth na Seachtaine de cuid Raidió Fáilte - Guth Aduaidh: Scoth na Seachtaine le hEoghan Ó Néill gach Luan óna 1:30 - 2:30 i.n.

Faoin Láithreoir: Féach leathanach foirne

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh