raidio na nog logo

Raidió na nÓg

Lá: Dé Céadaoin
Am: 6.30in
Láithreoir(í):Joshua Kieran Glenon (DJ JKG)
Cinéal Clár: Do dhaoine óga

Faoin gClár: Don chéad uair riamh ar Raidió na Life 106.4FM  beidh clár curtha i láthair ag  dalta bunscoile; Joshua Kieran Glenon (buaiteoir chomórtas DJ Raidió na nÓg 2008) Craolfar Raidió na nÓg gach Céadaoin ag 18:30. Clár dírithe ar dhaltaí bunscoile (9-12) is ea Raidió na nÓg, ina chloisfear scéalta ó dhaltaí bunscoile na hardchathrach chuile seachtain. Clár siamsúil sultmhar a bheidh i gceist, le neart cuairteoirí, ina measc Móragallaí na Seachtaine, laoch Raidió na nÓg – Brian na mBromanna agus Ceol Domhanda cóirithe go speisialta ag Rossa Ó Snodaigh (Kíla)  Reachtálfar neart comórtaisí agus beidh go leor duaiseanna le buachaint!  

Is é Joshua Kieran Glenon (DJ JKG) a bheidh ag cur Raidió na nÓg Sraith II i láthair i mbliana. Is as Baile an Bhóthair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath dó. Dalta bunscoile  aois 12 ½ is ea Joshua a bhaineann an oiread sin sult as an mbunscoil gur bheartaigh sé fanacht bliain amháin eile agus seacht mbliana a dhéanamh roimh fhreastal ar an meánscoil. Anois tá sé  ag freastail ar  Scoil Chónaithe lán-Ghaeilge darbh anim Coláiste na Rinne i gContae Phort Láirge. Bhuaigh Joshua Comórtas DJ Raidió na nÓg 2008.  Bhí a chlár raidió chomh maith sin gur thug foireann Raidó na nÓg cuireadh dó an tsraith iomlán a chur i láthair i mbliana! Tá an-spéis aige sa cheol agus is iad The Clash agus Thin Lizzy na bannaí is fearr leis agus a dheartháir óg Ben. Tá Joshua ar bís filleadh taobh thiar den mhaidhc arís.  Cé go bhfuil sé ar dhuine de na láithreóirí is óige sa tír ní chuirfidh sé sin isteach air agus é i mbun a cheirde!

Lean: www.rnanog.com

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh