PCP ina Shuí
Lá: Dé Sathairn
Am: 22.30 - 00.00
Athchraoladh: Déardaoin @ 00.00
Láithreoir(í): PCP
Cinéal Clár: Ceoil
Faoin gClár: Ag seinm meascán mearaí den cheol rince is nua-aimseartha dá bhfuil cluas le n-éisteacht leis. Ina theannta sin, ruathar rua siar bóithrín staire an damhascheol chun cuairt a thabhairt ar Calypso féin, chomh maith le Caibre, Klaidhsmir, agus eile nach iad.
Seó thar a bheith Caol le Leathan le neart nodanna stylisticallaí i dtreo céillithe saor-chead isteach nó Fág a'Bealach.
Cloisfidh sibh aíonna mor le rá agus níos mó, ar na caschláir; ealaíontóirí ar nós Marcach Céirníní an Phutóg Scaoilte, Arainn 'na Hucht mar Thaibhse Aaron, Má, Micillín Uafásach, Neil Langers Maith-go- Leor, agus daoine eile nar chualathas riamh orthu a beag nó a mhór mar Dj Rupture, Aaron Spectre, IF, Mike Dread agus Neil Landstrom.
Deirim libh, go bhfuil an seó seo ar bharr na dtonn le os cionn deich mbliana anois. Cur is a cúiteamh , cur i láthair agus dul i ngleic, le chuile ghné de cheol ar linne'se mar a ghinntear í.
Marcach Céirníní Abú go deo !


