Mise Éire
Lá: Dé Domhnaigh
Am:5.00 - 6.00in
Láithreoir(í):Caoimhín Ó Cadhla agus Croabh Mháirtin Uí Chadhain de Chonradh na Gaeilge
Cinéal Clár: Caint & Ceol
Faoin gClár:
Irischlár pobail le béim ar chúrsaí reatha is ea “Mise Éire” atá á chur i láthair agus á chur le chéile ag Craobh Mháirtín Uí Chadhain de Chonradh na Gaeilge, ceann de chraobhacha an Chonartha anseo i gcathair Átha Cliath. Is é Caoimhín Ó Cadhla príomhláithreoir an chláir agus bíonn baill eile den chraobh le cloisteáil mar chomhláithreoirí agus mar thuairisceoirí ar an gclár chuile sheachtain chomh maith. I measc na míreanna rialta a bhíonn le cloisteáil ar an gclár, tá mír mar gheall ar na tíortha agus na teangacha Ceilteacha – le tír nó teanga éagsúil faoi chaibidil chuile sheachtain.


