An Meangadh Mór

Lá: Luain go hAoine
Am:16.30 - 18.00
Cinéal Clár: Ceol & Caint

Faoin gClár: Seó am tiomána Raidió na Life is ea "An Meangadh Mór" atá á chraoladh ar an stáisiún ón Luan go dtí an Aoine ó 4:30 i.n. go dtína 6 i.n. ó bhlianta tosaí an stáisiúin. Bíonn nuacht, tráchteolas, scoth an cheoil agus go leor eile le cloisteáil ar an gclár, a chuireann láithreoir éagsúil i láthair chuile lá.

Dé Luain - Maitiú Kessie agus Carl Scorlóg

Dé Máirt - Laura Ní Mhangáin:  Ar Mheangadh Mór na Máirte bíonn an cluiche seachtainiúil Cé hé an t-aisteoir? ag Laura, áit a thugann sí deis do na héisteoirí a n-eolas scannánaíochta a úsáid. Comh maith leis sin bíonn na cairteanna singil agus albaim ar an gclár ag Laura, áit a chastar an ceol is déanaí. Ag a 5:30 i.n. bíonn na cínlínnte nuachta agus sa bhreis air sin bíonn idir tuairiscí ócáide, tuairiscí clubanna oíche agus tuairiscí grinn, chomh maith le hábhair eile
Banna is fearr: Fifteen Minutes
Fadcheirnín is fearr: It’s not me it’s you (Lily Allen)
Amhrán is fearr: Poker face (Lady Gaga)

Dé Céadaoin - Páraic Ó Cearnaigh:  Bleá Cliathach é Páraic a rugadh agus a tógadh in aice le Páirc an Fhionnuise i dtuaisceart na cathrach. Tá seisear ar fad sa chlann – a thuismitheoirí Pat agus Bernie, móide triúr deartháireacha leis: Seaghan, Lorcan agus Cathal. Mac léinn i gColáiste Phádraig é agus mian aige bheith ina mhúinteoir bunscoile sa todhchaí. Tá suim mhór aige i ngach saghas spóirt, go háirithe sa pheil Ghaelach, san iománaíocht, dornálaíocht agus i gcumann sacair Glasgow Celtic. Mar is soiléir ón chlár atá aige tá suim leathan aige i ngach cineál ceoil: ceol nua-aimseartha, seancheol, ceol le ceoltóirí Éireannacha agus le ceoltóirí idirnásiúnta chomh maith. Is aoibhinn leis an teanga agus stair na hÉireann agus mar sin anois agus arís bíonn ceisteanna spraíúla ar na hábhair seo á gcur aige ar an lucht éisteachta i rith an chláir.

Déardaoin - Éadaoin Nic Láimhe:  "Is binn béal ina thost..."  Bhuel, ní sin an scéal le hÉadaoin Nic Láimhe.  Craic agus ceol an scéal leis an mhúinteoir bunscoile seo.  Is as Muineachán í agus tugann sí cultúr na tuaithe chun an stáisiúin léi.  D'fhreastail sí ar Ghaelscoil Rois i gCarraig Mhachaire Rois agus Coláiste Inbhear ina dhiaidh.  Tá céim aici sa mhúinteoireacht ó Choláiste Phádraig.  Tá go leor suime aici sa cheol, ag seinm na ndrumaí ó aois óg agus an giotár i mbliana.  Is iad Guns N' Roses an banna ceoil is fearr léi.  Bhí sí mar bhall den bhanna ceoil 'The Intervals' ar feadh trí bliana ach scaireadar i ndiaidh an choláiste.  Tugann sí tacaíocht do Learpholl sa sacair.  Tá sí fíor-bhuíoch as an seans a fháil ar an Meangadh Mór ar Raidió na Life agus tá a fhios aici go mbeidh an clár thar barr le Seanán ina cuideachta.  (Táimid ag fanacht ar shliocht faoi féin ó Sheanán!)

Dé hAoine - Fiona Ní Gháibhín:  Tá mé beagnach críochnaithe an Ardchéim sa bunmhúinteoireacht le Coláiste Hibernia. Tá mé ag súil le bheith i mo mhúinteoir i nGaelscoil áit éigin timpeall B.Á.C! Bím ag obair mar ionadaí i mbunscoileanna ó am go ham agus oibrím i dteach tábhairne go páirtaimseartha. Is breá liom bheith ag taistil agus bhí mé i mo chonaí ins an Chóiré ar feadh timpeall 3 bliana go leith. Bhí mé i mo mhúinteoir Béarla ansin agus bhain mé an-taitneamh as an mhúinteoracht agus as na páistí. Bhí an deis agam taisteal timpeall na hÁise fad is a bhí mé sa Chóiré. An Téalann an tír ab’fhearr liom. Thit mé i ngrá leis An Nua-Shéalainn nuair a thaistil mé ann ar feadh dhá mhí agus tá súil agam filleadh am éigin. Fad is a bhí mé i mo chónaí sa Chóiré bhí ocras an domhain orm do cheol beo. Ní raibh morán de sin ann agus gheall mé dom fhéin ag teacht ar ais abhaile go bhfeicfinn an méid is mó ceol beo gurb fhéidir liom. Bhí an t-ádh liom ó shin i leith dul chuig Glastonbury, Electric Picnic, Exit chomh maith leis na gigs níos lú, Garden Party, Lovebox, srl. Tá an méid sin ceol beo ar siúl anseo i mB.Á.C agus ar fud na tíre, fiú na hEorpa, táim breá sásta bheith sa bhaile. Is breá liom bheith ag labhairt Gaeilge agus tugann Raidió na Life an seans dom an Ghaeilge a mheascadh leis an gceol gurb fhearr liom agus í a roinnt le héisteoirí an Mheangaidh Mhóir! Wohoo!

Breathnaigh ar shuíomh myspace Mheangadh Mór an Aoine anseo nó ar leathanach youtube an chláir anseo

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh