Lón Déanach ar an Luan
Lá: Dé Luian
Am:2.30in
Athchraoladh: De Máirt @ 1in
Láithreoir(í):Pádraig Schaler agus Oisín Mistéil
R-phost: eolas@raidionalife.ie
Cinéal Clár: Ceol agus Caint
Faoin gClár: Ar deireadh, tá iomaíocht cheart ag Joe Duffy gach Luan le 'Lón Déanach ar an Luan', á chur i láthair ag Pádraig Schaler agus Oisín Mistéil agus á chraoladh ar Raidió na Life 106.4FM gach Luan idir a 2:30 agus a 3:30 i.n. Dé réir na láithreoirí tá sé thar am go mbeadh iomaíocht cheart ag an gcraoltóir mór le rá. Tá na láithreoirí dóchasach go mbeidh siad in ann cuid mhór de na 430,000 duine a éisteann le clár Joe a mhealladh chuig Raidió na Life de bharr chaighdeán ard 'Lón Déanach ar an Luan'. Le 'Amhrán na Seachtaine', 'Clár Teilifíse na Seachtaine' agus 'An Blúirín Staire', tá neart chun tú a choimeád ar do shuaimhneas ar feadh an lae. Níl aon dabht ná go mbeidh níos mó tóir ar an gclár seo ná mar atá ar 'The Script' fiú!


