‘Is Ait an Mac an Saol’ – Dé hAoine, 6:30in ar Raidió na Life, ag tosú 22ú Aibreán 2011.
Samhlaigh Ollcheanaire an Spáis ina athbheochanóir Gaeilge! Sin go díreach atá againn sa tsraith nua drámaí raidió ‘Is ait an mac an saol’, a tháinig ó shamhlaíocht thorthúil an scríbhneora aitheanta Emer Ní Rónáin. Is údar bróin don Ollcheannaire Vobara Jitma Dozak teangacha an spáis gan a bheith le cloisteáil níos mó agus beartaíonn sé teacht go hÉireann le Gaeilge a fhoghlaim agus a scaipeadh ar fud an spáis. Tá an bhanríon Éire breá sásta cuidiú lena chuid iarrachtaí, maraon lena compánach Pilib an cheoil. Ach conas mar a thaitneoidh Éire le muintir Dozak agus cen sórt fáilte a chuirfidh na Gaeil rompu? Is iomaí eachtra a thiteann amach sa tsraith sé dhráma seo a chraolfar ar Raidió na Life, 106.4FM ag a 6:30i.n. ón Aoine 22ú Aibreán 2011.
Suite i bhfad sa todhchaí, tabharfar an t-éisteoir ar chamchuairt idir-réaltrach agus Vobara sa tóir ar‘thaisceadán rúnda na Gaeilge’.
Bualfaimid le foireann nuachta, le daltaí scoile, le meisceoirí is madraí agus ár laochra teanga ag saothrú leo. Hitchhiker’s Guide to the Galaxy agus An Claidheamh Soluis ag teacht le chéile, más maith leat, sa scéal iontais seo. Ach an n-éireoidh leis an iarracht mhór? An bhfuil athbheochan idir-réaltrach i ndán don Ghaeilge? Ní chuirfeadh sé ionadh orainn mar Is ait an mac an saol!
Sé dhráma 25 nóiméad le hEmear Ní Rónáin.
Léiritheoir: Tristan Rosenstock
Leiritheoir Feidhmeannach: Rónán Ó Muirthile
Eagarthóir: Seán Ó Cearúil
Cumadóir Ceoil: Steve Lynch
Foireann: Damhnait Ní Thuama, Marcus Lamb, Cillian ÓDonnchadha, Rachel Ní Fhionnáin, Caoimhe Ní Áinle, Con Ó Tuama, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Rónán Ó Muirthile, Tristan Rosenstock.
Is le tacaíocht ón scéim mhaoiniúcháin chraoltóireachta Fuaim agus Fís, de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, a rinneadh an tsraith seo do Raidió na Life.



