Guth Aduaidh – Scoth na Seachtaine

Guth Aduaidh - Scoth na Seachtaine

Lá: Dé Sathairn
Am:3.00in
Láithreoir(í):Eoghan Ó Néill
Cinéal Clár: Caint

Faoin gClár: Irischlár le hEoghan Ó Néill ó Raidió Fáilte. Cuireann Eoghan bailiúchán de na scéalta móra a bhí á gclúdach ar Raidió Fáilte i rith na seachtaine inár láthair ar Raidió na Life. Bíonn béim faoi leith ar na scéalta reatha atá ag dó na geirbe i mBéal Feirste agus i dTuaisceart Éireann. Sa chomhthogra seo idir Raidió na Life agus Raidió Fáilte, tugaimid Guth Aduaidh go lucht
éisteachta Bhaile Átha Cliath.

Faoin Láithreoir: Is iar-eagarthóir ar Lá Nua, agus iar-iriseoir le BBC Uladh é Eoghan Ó Néill. Tá tuilleadh eolais mar gheall air agus mar gheall ar Raidió Fáilte le fáil ar www.raidiofailte.com

 

Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh