Tuairisc
04.06.2023 07:00
Tuairisc
06.06.2023 19:00
Tuairisc
07.06.2023 02:30

Le cúig bliana déag anuas tá Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.

Ní fhanann aon chuid de chúrsaí reatha na tíre slán ó ghrinn anailís na beirte.

Dírítear ar chúrsaí reatha, polaitíocht dhomhanda, na meáin chumarsáide, cúrsaí oideachais, spórt agus na healaíona.

B’uathu siúd a tháinig an tsraith cláracha ‘Cinnirí’ sa bhliain 2008, Leoin an Tíogair & Cultúr na Cathrach sa bhliain 2010 agus Oidhreacht an Rachmais sa bhliain 2011 ar Raidió na Life 106.4 FM agus cuireadh tús lena ngaol leis an stáisiún le clár amháin seachtainiúil sa tsraith ‘An Meangadh Mór’ i 2001.

Bígí linn uair sa tseachtain don tráchtaireacht is leithne sna meáin ar shaol reatha na tíre.

Láithreoirí:
Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad é Liam Mac Amhlaigh. Léigh níos mó
Innealtóir bogearraí le comhlacht idirnáisiúnta ríomhaireachta é Eoin Ó Fearghail. Tá seoltóireacht agus scannánaíocht dhomhanda mar shuimeanna ar leith aige. Léigh níos mó