Meabhairtháinte

Meabhairtháinte
02.06.2023 02:30
Meabhairtháinte
02.06.2023 14:00
Meabhairtháinte
05.06.2023 19:00

An Bhliain 2020: Géarchéim na Meabharshláinte

Ní beag na hathruithe atá tar éis teacht chun cinn i mbliana. Idir tuilleadh ama á gcaitheamh againn sa bhaile, i bhfad níos lú deiseanna againn bualadh lenár gcairde agus srianta nua á bhfógairt ag an rianta go mion minic. Is éasca a bheith cráite ag paindéim Covid 19 ach ní gá a bheith ag treabhadh ar aghaidh go míshona. Is féidir saol sláintiúil sultmhar a chaitheamh in aimsir Covid cé go mbeidh sé difriúil gan aon agó.

Clár úrnua ar Raidió na Life bunaithe ar shláinte aigne é Meabhairtháinte. Bíonn sé le cloisteáil gach Luan ag 7i.n. Pléann Pádraig agus Fódhla rudaí a ghoileann orainn uilig ó am go chéile, chomh maith le fadhbanna nua atá ag teacht chun solais de bharr na paindéime. Bíonn moltaí, samplaí óna dtaithí féin agus acmhainní úsáideacha á roinnt acu lena n-éisteoirí ó sheachtain go seachtain. ‘Sé aidhm an chláir ná ardán a thabhairt do streachailtí meabhairshláinte agus normalú a dhéanamh ar labhairt amach faoinár bhfadhbanna. 

Go dtí seo tá drochéifeacht na meán sóisialta, íomhá coirp agus an t-uaigneas pléite acu. Sna seachtainí atá amach romhainn beidh ísle brí séasúrach agus tuilleadh nodanna faoi conas déileáil leis an dianghlasáil idir chamáin acu.

Déanann Pádraig agus Fódhla iarracht spás dearfach, oscailte a mhúnlú ina gclár. Más mian leat dul i dteagmháil leo nó breis eolais faoin gclár a aimsiú, tá siad ar fáil ar Instagram (@meabhairthainte).

 

Láithreoirí:
Is breá le Pádraig an ióga, ag dul ar shiúlóidí fada cois trá lena mhadra agus a bheith i mbun bácála. Léigh níos mó
Tá Fódhla gafa le teangacha, taisteal agus tréaniolraí. Léigh níos mó