Tugann Incapsula uair a chloig de bhinneas dár n-éisteoirí le meascán de cheol domhanda, curtha i láthair i Spáinnis ag Betzy Nina, gurb as Veiniséala ó dhúchas di. Ar aon dul le stair na tíre sin, is meascán stíleanna ceoil le tionchair éagsúla orthu a bhíonn le cloisteáil sa chlár. Idir thionchar ón Eoraip, An Afraic, Meiriceá Thuaidh agus ar ndóigh Meiriceá Theas, is meascán leathan atá i gceist. Tháinig Betzy go Baile Átha Cliath i 2010 agus thosaigh ag craoladh le Raidió na Life an bhliain chéanna agus paisean ar leith aici le leanúint ag láithriú clár raidió mar a rinne sí i Veiniséala. Is céimí le Margaíocht agus Fógraíocht í agus oibríonn sí faoi láthair i mbainistíocht imeachtaí i mBaile Átha Cliath. Is dearthóir seodra í freisin.
Incapsula suena para ti una hora con música del mundo. Una mezcla de estilos musicales que nace en Venezuela y que, como su historia, tiene un poco de esencia europea, africana, norteamericana y mucha sazón suramericana. Betzy Nina llegó a Dublín en el año 2010 y ese mismo año se unió a Raidió Na Life para continuar su carrera como Radio Host. Graduada de Publicidad y Mercadeo, Betzy se dedica a la producción de eventos y diseño de joyería en Dublín. ¡Que empiece la fiesta!
Foilsithe 22 Meán Fómhair 2016