Gach Treo
01.06.2023 11:00
Gach Treo
04.06.2023 14:00
Gach Treo
07.06.2023 12:00

Tá Anthony Cummins ina láithreoir ar an gclár ceoil domhanda “Gach Treo!”, clár ceoil domhanda a chuireann fíor-mheascán ceoil os do chomhair gach seachtain.

Le dhá bhliain anuas craoltar an clár go seachtainiúil ó Kuala Lumpur sa Mhalaeisia, áit a bhfuil Anthony anois ag cur faoi.  Bhog sé ansin ar iasacht ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn mar Ollamh Leighis Teaghlaigh ag an scoil leighis nua atá acu sa Mhalaeisia in Ollscoil Perdana.

Craoltar “Gach Treo!” gach tráthnóna Dé Céadaoin ag meán lae agus déantar é a athchraoladh ag a 11 r.n. Déardaoin agus arís ag a 2 i.n. Dé Domhnaigh.

Má tá iarratais agaibh seol chuig Anthony iad ag [email protected] nó ar Twitter ag @Gach_Treo.

Is féidir teacht ar sheinnliostaí na gclár ar Spotify.

Láithreoirí:
Tá Anthony Cummins ina láithreoir ar an gclár ceoil domhanda "Gach Treo!", clár ceoil domhanda a chuireann fíor-mheascán ceoil os do chomhair gach seachtain. Léigh níos mó