Firehouse Skank ar an Líne

Firehouse Skank ar an Líne
01.06.2023 21:00
Firehouse Skank ar an Líne
03.06.2023 02:00
Firehouse Skank ar an Líne
08.06.2023 21:00

Tagann céad Roots Reggae Sound System na hÉireann ar an aer le scoth an Roots Reggae chuile seachtain. Curtha i láthair de réir uainíochta ag T-Woc, Tuathal, Enda Starr agus Dub Paul, beidh Firehouse Skank ar an Líne ag casadh togha an Reggae, ó Jamaican Foundation go stíleanna an 21ú Aois.  Beidh aoí-roghnóirí ar an seó ó am go h-am ó Bhaile Átha Cliath, Éire agus níos faide i gcéin.

Tá Firehouse Skank ag cuir an ‘Dub’ i Dublin ó 1993. Tar éis a chéad bhunú chun  seinm ag oícheanta carthanachta agus gníomhaíoch, thosaigh sé a chlub rialta Máirte, ar a bhfuil cáil anois, sa Parnell Mooney i samhradh na bliana sin – an chéad club reggae sa chathair! D’fhan sé ansin le breis is dhá bhliain roimh sheinnt in ionaid mórthimpeall BÁC agus Éireann, le hoíche mhíosúil i mBéal Feirste agus aoi-seinnt rialta ag oícheanta reggae i nGaillimh, Corcaigh, Luimneach, Dún Dealgan, Doire agus Cill Chainnigh. Thóg sé an chéad córas fuaime saincheaptha reggae sa tír atá cáil anois air dá chaighdeán glan fuaime le dordleibéalacha corraitheacha agus gach chineál éifeacht fuaime. Ta sé tar éis óstáil a dhéanamh ar mhór-ainmneacha Roots Reggae, ina measc Jah Shaka, Channel One, Disciples, Conscious Sounds, Revelation Sound, Vibronics, Rootical, Roots Ting, Manasseh, Zion Train, R.D.K., Brigadier Jerry (JA), Downbeat the Ruler (US) agus General Dotsie.

Lean/ Déan Cairdeas: Facebook

Láithreoirí: