Cuireann An Meangadh Beag tús deas réchúiseach le do thráthnóna, le tú a ullmhú don Meangadh Mór a thiocfaidh ar d’aghaidh, agus a thiocfaidh ar an aer, ina dhiaidh!
Seó ceoil don chuid is mó, le beagáinín cainte, is ea An Meangadh Beag. Craoltar An Meangadh Beag óna 3:30 go dtí na 4:30 gach lá ón Luan go dtí an Aoine, le láithreoir éagsúil os comhair an mhicreafóin gach lá. Pop-cheol agus rac-cheol don chuid is mó a bhíonn le cloisteáil ar an gclár.
Má tá suim agat a bheith linn mar chraoltóir ar an Meangadh Beag, déan teagmháil linn inniu.
Láithreoirí:

Is as An Muileann gCearr contae Iarmhí í Anna Ní Fearghail agus tá sí ina thríú bliain dá chéim chumarsáide agus Gaeilge i OÉ Gaillimh
Léigh níos mó

Cuireann Orlagh Woods an Meangadh Beag i láthair gach Máirt ar Raidió na Life.
Léigh níos mó

Cuireann Ruairí Mac Aodhagáin An Meangadh Beag i láthair ar Raidió na Life gach Déardaoin.
Léigh níos mó