Afra-Éire
03.06.2023 16:00
Afra-Éire
06.06.2023 07:00
Afra-Éire
10.06.2023 16:00

Clár faoin bpobal Afracach-Éireannach agus ceisteanna Afracacha i gcoitinne is ea Afra-Éire. Clár beomhar agus idirchultúrtha é, inar mian le hOla an mórphobal Éireannach a thabhairt níos gaire do chultúr na hAfraice – faisean, gruaig, bia, nósanna maireachtála, ceol agus araile. Cuirfear béim ar agus tabharfar ardán do ghlórtha nach gcloisimid go rómhinic ar na meáin phríomhshrutha sa tír seo, agus déanfar ceiliúradh ar an méid atá bainte amach ag an bpobal Afracach-Éireannach.

Tá sé mar sprioc ag Ola le hAfra-Éire níos mó rudaí dearfacha a léiriú ó thaobh na hAfraice de, ach gan faitíos uirthi labhairt faoi na fadhbanna atá ann ach an oiread. Aidhm an chláir seo ná daoine a spreagadh ó thaobh eolais agus ó thaobh suime de i mór-roinn na hAfraice. Agus leis an rogha ceoil iontach ó thíortha éagsúla ar fud na hAfraice, is clár é Afra-Éire a chuirfidh sibh ag damhsa is ag machnamh araon!

Láithreoirí:
Is bean óg í Ola Majekodunmi a d’fhás aníos i mBaile Átha Cliath agus a rugadh sa Nigéir. Thosaigh Ola ag obair le Raidió na Life le linn shamhradh na bliana 2014. Léigh níos mó