Cuireann Kevin Boushel an clár, Glórtha Gleoracha i láthair gach Domhnach ar Raidió na Life 106.4FM.

Is as Baile Átha Cliath é Kevin Boushel agus thosaigh sé ag canadh le cóir agus é 12 bliana d’aois.  Chuaigh a ghrá don cheol a cappella ó neart go neart i ndiaidh sin.  Chan sé le Cór Airgeal Ollscoil Mhá Nuad i Meiriceá, sa tSín agus ar fud Éireann agus chan sé ar BBC One leis an ngrúpa cheol bearbóirí The Ramparts.

Cuireann Kevin an clár ‘Glórtha Gleoracha’ i láthair, clár a chuireann réimse leathan ceoil i láthair ón Athbheochan suas go dtí an lá atá inniu ann.