Cuireann Alex Ó Ceallaigh Ceirníní is Ceamaraí i láthair gach Déardaoin ag a 19:00 ar Raidió na Life 106.4FM.
Is as Caisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath dó. Rinne sé staidéar ar Nua-Ghaeilge agus Gearmáinis i gColáiste na Tríonóide. Tá suim mhór aige i gcúrsaí scannánaíochta agus bíonn go leor léirmheasanna ar na scannáin is déanaí aige ar an gclár. Cuireann sé scannáin is Gaeilge chun cinn ar na meáin shóisialta ar nós Twitter.