Tugann an Taoiseach Leo Varadkar cuairt ar stiúideonna nua Raidió na Life!

Ag ócáid a reáchtáil Foras na Gaeilge oíche aréir, 30ú Eanáir, d’oscail an Taoiseach Leo Varadkar an foirgneamh ina bhfuil oifigí nua an Fhorais ag 63 – 66 Sráid Amiens, i mBaile Átha Cliath 1 go hoifigiúil.

Thug an Taoiseach cuairt impromptu ar stiúideonna nua-thógtha Raidió na Life le linn dó a bheith ar an láthair, áit a bhfuil stiúideonna agus oifigí nua an stáisiúin lonnaithe taobh le taobh le hoifigí Fhoras na Gaeilge.

Le linn dó a bheith ag tabhairt cuairte ar ár stiúideonna úrnua – nach bhfuil oscailte fós, agus a sheolfar níos déanaí an mhí seo – bhí an Taoiseach ar an gcéad duine le triail a bhaint as an ndeasc fuaime nua i Stiúideo 1.

Bhí áthas ar an Taoiseach an deis a bheith aige bualadh le foireann Raidió na Life agus mhol sé go mór an obair den scoth a dhéanann Raidió na Life chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mórcheantar Átha Cliath agus seirbhís raidió trí Ghaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, idir óg is aosta agus idir chainteoirí líofa agus foghlaimeoirí.

Thug sé moladh ar leith don gcur chuige atá ag an stáisiún ó am a bhunaithe chun cláir ar an iliomad ábhair éagsúla a chur i láthair i stíl chomhaimseartha agus fuinniúil a mheallann go háirithe daoine óga agus foghlaimeoirí na teanga le bheith ag éisteacht le raidió trí Ghaeilge.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn