Stiúideonna Nua Raidió na Life oscailte go hoifigiúil!

Sa ghrianghraf thuas tá foireann iomlán fostaithe Raidió na Life, ó chlé go deas: Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin, Judy-Meg Ní Chinnéide, Oifigeach Forbartha & Oiliúna, Marc Ó Loinsigh, Maor Deireadh Seachtaine, Niamh Ní Shúilleabháin, Clár Reachtaire, agus Fearghal Saxe, Teicneoir Raidió na Life, i Stiúideo 1, príomhstiúideo nua an stáisiúin i Sráid Amiens.

Ag ócáid a reáchtáladh oíche aréir, 28ú Márta, d’oscail an craoltóir aitheanta ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió 1, Cormac Ó hEadhra, iar-chraoltóir le Raidió na Life, stiúideonna nua an stáisiúin ag 63 – 66 Sráid Amiens, i mBaile Átha Cliath 1 go hoifigiúil.

Raidió na Life

Le linn dó a bheith ag caint ag an oscailt oifigiúil, mhol Ó hEadhra, craoltóir atá aitheanta go forleathan ní hamháin i saol na craoltóireachta Ghaeilge ach i réimse na craoltóireachta Bhéarla chomh maith, na deiseanna a chuireann Raidió na Life ar fáil do chraoltóirí óga lena gcéad bhlaiseadh a fháil ar an gcraoltóireacht, mar a rinne sé féin agus é ina mhac léinn in Ollscoil Chathair Átha Cliath sna 1990í. Labhair sé faoin tionchar dearfach a imríonn Raidió na Life ar phobal ar leith de chainteoirí Gaeilge a chruthú agus a chothú taobh istigh de phobal níos leithne na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus thagair sé don ról a imríonn Raidió na Life i dtreisiú agus i dtacú le féiniúlacht láidir dá gcuid féin a bheith forbartha agus sealbhaithe thar na blianta ag cainteoirí Gaeilge na hardchathrach. Labhair sé go fonnmhar freisin faoi na cuimhní cinn a bhí aige ar a chuid ama mar láithreoir ar Raidió na Life agus na ceachtanna a d’fhoghlaim sé faoin ngairm le linn dó a bheith ag cur cláir i láthair ar an stáisiún.

Raidió na Life

Tá stiúideonna nua-thógtha Raidió na Life agus oifigí nua an stáisiúin lonnaithe taobh le taobh le hoifigí Fhoras na Gaeilge i gceannáras nua na heagraíochta uile-oileánda, a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas. Tógadh na stiúideonna nua ag Raidió na Life mar chuid den phróiseas athlonnaithe a tharla le déanaí nuair a bhog Foras na Gaeilge agus Raidió na Life ón seanbhaile a bhí ag an dá eagraíocht ag uimhir a 7 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath 2, go dtí an ceannáras nua i Sráid Amiens, i dtuaisceart na cathrach. Is ag 7 Cearnóg Mhuirfean a bhí Raidió na Life lonnaithe ón am gur bunaíodh an stáisiún agus gur tháinig sé ar aer ar dtús i 1993, agus is ann a bhí Foras na Gaeilge ó bunaíodh an eagraíocht sin mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998, ag teacht i gcomharbacht ar Bhord na Gaeilge, a bhí lonnaithe i gCearnóg Mhuirfean ó na 1970í.

Tá gailearaí grianghraif iomlán den ócáid oscailte, ócáid gur thacaigh Ciste 125 léi mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018, ar fáil anseo.

 

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn