Meon na mBan is teideal do chlár bríomhar úr do mhná a chraolfar gach Céadaoin ar Raidió na Life idir 18:00 – 18.30, ag tosnú ar 1 Márta, an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2017.

Beidh an clár ag díriú ar shaol na mban timpeall na cruinne, mná atá ar gach aois agus ó gach aicme agus cine. Beimid ag iniúchadh saol na mban in Éirinn agus timpeall na cruinne: céard atá ar siúl acu, cad atá á bhaint amach acu agus cad ‘tá á mhothú acu sa chlár nua seo.

 

Is í Ciara Ní Éanacháin atá ina príomhláithreoir ar an gclár agus beidh an comhrá agus díospóireacht ar an gclár faoi stiúir aici lena stíl chainteach bhríomhar fuinniúil. Ó sheachtain go seachtain, beidh aíonna éagsúla ó mheitheal ban Raidió na Life sa stiúideo ag plé na gceisteanna is mó atá á gcur ag mná in Éirinn inniu. Is file agus scríbhneoir iomráiteach í Ciara Ní Éanacháin. Sa bhliain 2012, chuir sí tús leis an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook. Bíonn sí ag scríobh go rialta don iris Nós agus bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil i mBaile Átha Cliath ‘Reic’, ina mbíonn filíocht, amhráin agus rapcheol trí mheán na Gaeilge.

 

Ar an gcéad chlár a chraolfar anocht 1ú Márta idir 18:00 – 18:30 pléifear na scéalta nuachta is mó a  bhain le saol na mban in Éirinn le seachtain anuas. Don chéad chlár, is í Angela Seoighe a bheidh mar chomh-láithreoir le Ciara. Caithfidh Judy-Meg Ní Chinnéide súil siar ar stair agus éachtaí Beatrice Grimshaw,  scríbhneoir ó Bhaile Átha Cliath a thaisteal i bhfad agus i gcéin ag tús an chéid seo caite. Tabharfar léargas freisin ar shaol an fhuirseora le “Julie Jay”, Julie Johnson agus Bláithín de Búrca. Cuirfear an cheist: an bhfuil mná greannmhar? Agus pléifear an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na  mná a bhíonn i mbun fuirseoireachta in Éirinn.

 

Tá an clár léirithe ag Clár Reachtaire Raidió na Life Niamh Ní Shúilleabháin agus tá meitheal ban sa stáisiún ag tacú leis an gclár. Tá spriocanna na craoltóireachta raidió pobail i gceist go smior sa chlár seo agus é mar sprioc ag Raidió na Life go mbeidh rochtain níos mó ag mná ar na meáin agus ar ábhar cainte a bhaineann go sainiúil leo, sa chlár nua spéisiúil seo.

 

Bígí i gcomhluadar na mban ar Raidió na Life 106.4 gach Céadaoin idir 18:00-18:30. Más maith leat teagmháil a dhéanamh leis an gclár seol ríomhphost chuig beo@raidionalife.ie nó glac páirt sa chomhrá ar Twitter agus Facebook leis an haischlib #Meon.

 

Is féidir teacht ar Raidió na Life ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath, ar www.raidionalife.ie agus ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn