Is í an Nollaig í agus beidh sceideal Nollag ar siúl ar Raidió na Life ón Aoine, 21 Nollaig. I measc na mbuaicphointí a bheidh le cloisteáil le linn na Nollaig beidh

  • Ardchathair, eagrán na Nollag curtha i láthair ag Peadar Ó Caomhánaigh. Painéal cainte le Feena Tóibín, Aonghus Ó Lochlainn agus Sara McNamara ag cuimhneamh ar an Nollaig agus na traidisiúin is mó a thaitníonn leo. 24/12/2018 8pm
  • Bróinse na Nollag, eagrán Lá Nollag, curtha i láthair ag Niamh Ní Shúilleabháin. Ceol den scoth ó Chór Duibhlinn, plé ar an Nollaig agus ceol den scoth a chuideoidh leis na cócairí a bheidh ag ullmhú dinnéar na Nollag! 25/12/2018 11am
  • Glórtha Gleoracha, eagrán speisialta curtha i láthair ag Kevin Boushel. Filleann Kevin ón Ongáir le ceol córúil den scoth a chur i láthair dúinn! 25/12/2018 12pm
  • Raidió na Life: Dúiseacht na hAislinge, Clár comórtha ar 25 bliain de stáisiún raidió lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Maoinithe faoin scéim Fuaim agus Fís (UCÉ), léirithe ag Judy-Meg Ní Chinnéide. 25/12/2018 2pm
  • An Meangadh Beag le Orlagh Woods, Clár speisialta do Lá Nollag. 25/12/2018 3.30pm
  • An Meangadh Mór le Lynne Rickard agus Gráinne Ní Shearcaigh, Eagrán speisialta do Lá Nollag 25/12/2018 4.30pm
  • Beo 2018: Súil siar ar an gcraoladh seachtrach ón ócáid Beo a tionóladh mar chuid de Bhliain na Gaeilge I gCearnóg Mhuirfean I Mí Aibreáin 2018. Curtha I láthair ag Kevin Boushel agus Brónagh Ní Chuilinn, tá agallamh ann leis an Uachtarán Mícheál D Ó hUiginn, Delorentos agus aíonna móra eile. 25/12/2018 8pm
  • Agallamh Beirte: Buaicphointí ón gcomórtas Agallamh Beirte (daoine fásta) a tionóladh mar chuid de Oireachtas na Samhna 2018. Lá Stiofáin, 8pm
  • Ardchathair: Súil siar ar 2018. Painéal cainte le Feena Tóibín, Aonghus Ó Lochlainn agus Sara McNamara ag cuimhneamh ar an Nollaig agus na traidisiúin is mó a thaitníonn leo. Oíche Chinn Bhliana, 31/12/2018 8pm
  • Lúibíní 2018: Buaicphointí ó na comórtais faoi aois ag Oireachtas na Samhna 2018. Rannpháirtithe sa chomórtas faoi 12 agus Comórtas 12-15, Lá Caille 01/01/2019 8pm
  • Amhráin Nua Chumtha 2018: Buaicphointí ón gcomórtas Amhráin Nua-Chumtha a tionóladh ag Oireachtas na Samhna 2018. I measc na rannpháirtithe tá Áine Durkin, Joe Ó Dónaill agus Seán Ó Gráinne. 02/01/2019 8pm

Nollaig Shona agus athbhliain faoi mhaise ó Fhoireann Raidió na Life!

Beo anois!
Tada le cloisint faoi láthair.
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn