Suíomh gréasáin nua raidionalife.ie seolta go hoifigiúil!

Seoladh suíomh gréasáin úr Raidió na Life, www.raidionalife.ie, go hoifigiúil ag ócáid in oifigí Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath le déanaí mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2017.

In ócáid a bhí eagraithe i gcomhpháirt le hiris Comhar, seoladh suíomh nua an stáisiúin mar aon le suíomh nua na hirise, www.comhar.ie ar an Déardaoin 16ú Márta ag am lóin in oifigí Gaelchultúr ar Shráid an Cláraigh, Baile Átha Cliath 2. Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais le Gaelchultúr agus fear a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Raidió na Life, agus iar-Eagarthóir ar iris Comhar, a sheol na suíomhanna go hoifigiúil ag an ócáid.

Sa ghriangrhaif thuas, tá baill d’fhoireann Raidió na Life (ó chlé go deas) Judy-Meg Ní Chinnéide, Oifigeach Forbartha agus Oiliúna, Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin agus Niamh Ní Shúilleabháin, Clár Reachtaire agus suíomh raidionalife.ie díreach seolta.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn